aoinne. Bain Mac Conglinne a sgian as a ċrios. Do ġearr sé greim de’n ḟeóil de’n ṗíosa ba ġiorra ḋó. Do ṫum sé an greim feóla sa ṁil a ḃí ar an mbórd. Do ṡín sé an greim feóla ċun béil Ċaṫail. Do leaṫ Caṫal a ḃéal. Le n-a linn sin do ṡnap Mac Cong- linne ċuige an greim feóla agus ċuir sé ’na ḃéal féin é agus d’iṫ sé é, agus é féin agus Caṫal ag feuċaint idir an dá ṡúil ar a ċéile.
"Brostuiġ! brostuiġ, agus taḃair dúinn an biaḋ, a ṁic léiġinn!” arsa Caṫal.
"Déanfad, a ríġ,” arsa Mac Conglinne.
Ġearr sé anuas greim eile de’n ḟeóil agus ḋéin sé an rud céadna. Ċuir sé an greim ċun béil Ċaṫail, agus ansan do ṡnap sé ċuige é agus ċuir sé ’n-a ḃéal féin é, agus ċogain sé ar a ṡuaiṁneas é agus é ag feuċaint ar Ċaṫal, agus an dá ṡúil i rioċt léimt amaċ a’ ceann Ċaṫail le h-airc agus le buile ocrais.
Ċomáin Mac Conglinne leis ar an gcuma san ag iṫe, agus ag cur gaċ greama ċun béil Ċaṫail sar a gcuireaḋ sé ’n-a ḃéal féin é.
"Cad é an ḟaid a ċeapan tú leanṁaint de’n ċleas san, a ṁic léiġinn?” arsa Caṫal.
"Ní leanfad dé, a ríġ,” arsa Mac Conglinne, “aċ go dtí go mbéiḋ an méid seo feóla iṫte agam. Ní’l aon teóra le n-a ḃfuil d’ḟeóil ṁaiṫ iṫte agat-sa le bliaġain ġo leiṫ. An méid atá anso anois tá sé beag mo ḋóiṫin agam féin, agus is mise a ḋ’íosfaiḋ é, agus déanfiḋ sé “biaḋ ó ḃeólaiḃ” duit-se."
Do ḃúir Caṫal agus do béic sé. Do ġlaoiḋ sé ar an muintir a ḃí amuiċ, agus dúḃairt sé leó teaċt agus an mac léiġinn seo ṫógaint as a raḋarc agus é ċur ċun báis. Níor leigeadar orṫa, áṁṫaċ, gur airiġ- eadar é.