an-cheart, arsa Fionn. Ghluais siad uilig ’un sealg. Níor luaithe bhéidheadh éan marbh aig fear ná bhéidheadh beathach marbh aig fear eile. Bhí siad mar sin go trathnóna ⁊ bhí toirt bothóige aig Céadach air a dhruim trathnóna. Mo bhríathar díbh, a fhearaibh, arsa Fionn, go saoilim go bhfuil gaiscidheach an-mhaith againn. Tá bród ⁊ athas orm. Rachaidh muid a bhaile annsair ar gcuid ban go ndeánaidh muid féasta mór. Bhí lúthgháir mhór air a gcuid ban rompú. Acht nuair chonnaic na fir an bhanphrionnsa óg Scaith Shíoda ní Mhanannán, bhí iongantas mór orrthú go léir fá na bréaghaichte. D’órdaigh Fionn an féasta bu mhó a rinne sé ariamh do dheánadh. Bhí siad trí lá ⁊ trí oidhche ag ithe ⁊ ag ól. Anns an am sin thuit mórán de na daoiní na gcodhladh. D’éirigh bean Fhinn mhic Cumhaill ⁊ beirt de na mná uaisle eile, bean Dhiarmuid ⁊ bean Oscair amach da nighe fhéin ann loch a bhí taobh shiar de’n chaisleán. Thainic long asteach ’un an chuain. Léim beirt fhear amach as an luing. Reath siad aníos. Rug fear ocú air bhean Dhiarmuid. Chuir air a ghualainn í ⁊ reath siad ’un na luinge air ais. Thiontáigh an long ’un na fairge. ⁊ níor bhfada go robh sí as amharc. Thainic bean Fhinn ⁊ bean Oscair a bhaile. D’innis go dé mar sciobadh air shiubhal a gcomrádaidh. Bhí na Fianna uilig buaidheartha ⁊ Diarmuid níos mó ná duine air bith. Bu ghoirid gur thiontáigh an buaidhreadh ’un feirge ⁊ dubhairt Fionn go gcaithfheadh siad í leanamhaint ⁊ tabhairt air ais ce b’air bith áit san domhan a robh si. Dubhairt Fionn go gcuireadh sé seacht gcatha na Féinne da cuartughadh. Dubhairt Diarmuid nach é sin an ceart acht beagan de fhearaibh maith do phiocadh. Da ndeánadh siad gaiscidheacht gur air bheagan daoiní bu mheasamhla é do bhéith maoidhte. D’fhiafraigh Fionn ca mhéad fear dobhéarfadh sé leis. Dubhairt Diarmuid go dtiubhradh mórfheisear. D’iarr Fionn air a n-ainmniughadh. Dubhairt Diarmuid Fionn mac Cumhaill an chéad duine. Diarmuid an dara duine. Oscar an tricheadh duine. Lughaidh fá choinne stiurughadh na luinge. Na nach bhfuil tú ag dul do thabhairt leat Giolla na gCochall Craicionn? Táim cinnte, arsa Diarmuid, má tá sé sásta do dhul. Ní rachaidh sé, arsa Scaith Shíoda. Má leig mise annsorraibh é le seirbhís do dheánadh díbh i nÉirinn, ní’l mé ag dul da leigean libh amach as Éirinn. Le geallamhainteacha móra da dtigeadh siad air ais a choidhche, bidheadh sé beó no marbh, go dtiubhradh siad a bhaile chuiccí é, d’aontaigh sí é do leigean leóbhtha. Ghléas Fionn an long ab fhearr do bhí i n-Éirinn. Chuir sé biadh sheacht mbliadhan asteach air an luing ⁊ chuaidh siad ’un fairge. Bhí siad trí lá ⁊
Page:Quiggin Dialect of Donegal 0221.png
Appearance