Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Mac agus a Mháthair
9.—AN MAC AGUS A ṀÁṪAIR.
Ḃí an mac ar sgoil agus ġoid sé leaḃar ó sgoláire eile. Nuair ṫáinig sé aḃaile agus an leaḃar aige is aṁlaiḋ a ṁol an ṁáṫair an gníoṁ a ḃí déanta aige. Ba ġearr gur ġoid sé tuille agus má ġoid do ṁol sí níos fearr é.
Fé mar a neartuiġ sé sa n-aois do ċruaiḋ sé sa ġaduíġeaċt agus ṫug sé a lán neiṫe ba ḋaoíre ’ná a ċéile ċum a ṁáṫar.
Fé ḋeire do rugaḋ air agus do daoraḋ ċum a ċroċta é. Ḃí sé ṫuas ar an gcroiċ agus an teud fé n-a ṁuineál. Ḃí a ṁáṫair ’na seasaṁ ag bun na croiċe agus í ag gol.
D’iar sé ar an luċt coimeádta leigint dó focal do laḃairt léi. Do leigeaḋ anáirde í. Do ċrom sé a ċeann ċum a cluaise mar ḃéaḋ sé ċum cogair a ṫaḃairt dí. I n-a inead san is aṁlaiḋ a rug sé ar ċluais uirṫi le n-a ḟiacalaiḃ. Do ḃain sé an ċluas ó’n gceann dí!
Do sgread a raiḃ láiṫreaċ le grain ar a leiṫéid de ġníoṁ ag mac d’á ḋeanaṁ ar a ṁáṫair agus é ag dul ċum báis.
“Stadaig, a ḋaoíne maiṫe,” ar seisean. “Cé is dóiċ liḃ a ṫug ċum na croiċe seo mise?” ar seisean. “Siní ansan í,” ar seisean. “Dá ngaḃaḋ sí orm go maiṫ le slait an lá a ġuideas an leaḃar ní ġuidfinn a ṫuille agus ní ḃéinn anso anois.”
An Múineaḋ.
Tosaċ an uilc isé is usa do ċosg.
“Nuair ċruaḋan an tslat is deacair í ṡníoṁ.”
“Ní ḃíon an raṫ aċt mar a mbíon an smaċt.”