CEAĊT A HOĊT-DÉAG. XVIII. AN T-OĊTṀAḊ CEAĊT DÉAG.
I. | II. | III. | IV. | |
1 | aon | a h-aon | ceann | duine |
2 | dó, dá | a dó | ḋá ċeann | beirt |
3 | trí | a trí | trí cinn | triúr |
4 | ceaṫair | a ceaṫair | ċeiṫre cinn | ceaṫrar |
5 | cúig | a cúig | ċúig cinn | cúigear |
6 | sé | a sé | sé cinn | seisear |
7 | seaċt | a seaċt | seaċt cinn | mórṡeisear |
8 | oċt | a hoċt | oċt gcinn | oċtar |
9 | naoi | a naoi | naoi gcinn | naonḃar |
10 | deiċ | a deiċ | deiċ cinn | deiċniuḃar |
A haon a ċlog; a dó a ċlog; a trí a ċlog; a ceaṫair a ċlog; a cúig a ċlog; a sé a ċlog; a seaċt a ċlog; a h-oċt a ċlog; a naoi a ċlog; a deiċ a ċlog.
Cad a ċlog anois é? Tá sé a deiċ a ċlog.
An ḃfuil sé a trí a ċlog fós? Ní’l.
Ḃí Seán Ó Gríoḃṫa annso ar a dó a ċlog, aċ ní’l sé annso anois.