Jump to content

Caoimhghin Ó Cearnaigh/7

From Wikisource
156051Caoimhghin Ó Cearnaigh — Feallsamhnacht agus FeilmeoireachtLiam Pádraig Ó Riain
[ 22 ]

CAIB. a VII.—FEALLSAṀNAĊT AGUS FEILMEOIREAĊT.

Ḃí máṫair Úna imṫiġṫe ar ṡliġe na fírinne. Ḃí Úna le fanaṁaint ar feaḋ tamaillín i dtiġ an Ċanónaiġ. Ṫáinig [ 23 ]an-iongnaḋ ar Ċaoiṁġín faoi ċoṁ calma, croiḋeaċ agus a ḃí sí agus a máṫair ar lár ag an éag. Do réir cosaṁlaċta ḃí a h-intinn níḋ ba socaire 'ná mar ḃí sí le linn na breoiḋteaċta. D' éiriġ sí láin-ḃeo. Ḃí a máṫair ar a suaiṁneas síorruiḋe, agus ḃí an tsean-réim caiṫte, an sean-teaċ dúnta go deo. Ḃí sí féin le tosnuġaḋ ar réim agus ar ṡaoġal nua. Ba toil le Dia é, agus ḃí sí sásta.

Ní raiḃ intinn Ċaoiṁġín leaṫ ċóṁ socair. Ċuir an bás ag géar-smaoineaḋ é. Caint an Ċanónaiġ i dtaoiḃ Éireann agus na sóisgéalaiḋṫe a ḃí ag teastáil, ċuir sin ag géarṁaċtnaṁ é mar an gcéadna. An ċaint a ċuala sé i gCumann Erigena ċuir sin corruiġe ṁór 'na anam. Uair aṁáin ḃíoḋ aoiḃneas air fá ṡaoġal an ċiniḋ ḋaonna, uair eile ḃíoḋ iongnaḋ air i n-áit aoiḃneasa, uair eile arís ḃíoḋ sgannraḋ air 'na ṫaoiḃ, agus uaireannta ḃíoḋ iongnaḋ agus sgannraḋ meascṫa le ċéile 'na aigneaḋ. Ċuiṁniġ sé ar na laeṫeannta 'nuair ċeap sé go raiḃ Neaṁ mar ríoġaċt ṁór os cionn na spéire, Naoṁ Pádraig agus a ċáirde ag féaċaint anuas go gráḋṁar ar Éirinn, aingil ag teaċt anuas ċun ruaig a ċur ar an diaḃal . . . Fáiríor! Ba ḟada an lá ó smuainiġ sé aṁlaiḋ. Ċeap a ṡeaċt sinnsear gur mar sin a ḃí an sgéal; ċreid a ḋaoine muinntearḋa an rud céadna fós. I ḃfad uaṫa ḃí seisean ag dul agus ḃí uaigneas air d'á ḃárr.

B'éigin dó dul go hIar-Ċonnaċtaiḃ, Doṁnaċ, ar obair ṫuairisgeora. Ar teaċt air ais dó ċonnaic sé an t-Aṫair Muiris Mac Caṫṁaoil sa traen-ṗort i nGailliṁ. Ḃí an t-Aṫair Muiris ag teaċt cun an Oireaċtais, duḃairt sé, agus ḃí áṫas ar Ċaoiṁġín faoi sin. Ḃí aiṫne aige air le leaṫ-ḃliaḋain, agus b'aoiḃinn le Caoiṁġín a ḃeiṫ ag caint leis.

Ḃí an t-Aṫair Muiris óg fós. Níorḃ ḟada ó ṫáinig sé as Maġ Nuaḋad, agus ḃí sé ag obair mar ṡéiplíneaċ i n-áit ḟiaḋáin i gCúige Ċonnaċt. Fear breaġ caol daṫaṁail a ḃí ann. Ḃí sé árd-intleaċtaċ léiġeannta neaṁ-spleáḋaċ. “Sagart na h-Aoise For-órḋa,” ṫug Caoiṁġín air.

“Ar sgríoḃais aon rud i gcóir an Oireaċtais?” ar Caoiṁġín leis, agus an traen ag dul amaċ as Gailliṁ. “Duḃras go minic gur mór an truaġ naċ gcuireann tú do smaointe i n-úil do'n náisiún. Níl aṁras ná go ndéanfaidís maiṫeas mór do ṁuinntir na h-Éireann.”

[ 24 ]“Táir ag dul amuġa go mór i dtaoiḃ smaointe,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ní ċuireann muinntir na h-Éireann aon tsuim gur fiú tráċt uirṫe i smaointe fós. Cuir i gcás muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ féin. Ní ċuireann siad suim ins an ḃfairrge áluinn atá i n-aice na caṫraċ, ná ins na sléiḃtiḃ atá ṫart timċeall uirṫe, ná ins na réaltaiḃ os a cionn aċt ċóṁ beag. Agus ó's rud é naċ gcuireann ní ċuirfidís suim i smaointe aċt an oiread.”

“Agus naċ uaṫḃásaċ an rud é sin—na mílte duine gan suim aca i n-áilneaċt ná i n-intleaċt?”

“B' ḟéidir gurb eaḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tamaillín ó ṡoin ḃíos cinnte gurḃ eaḋ. Nílim leaṫ ċóṁ cinnte anois—i dtaoiḃ intleaċta. Tá an iomarca léiġinn sa doṁan. Tá sé go maiṫ ar ṡliġṫiḃ, díreaċ mar tá bóiṫre agus bóiṫre iarainn go maiṫ. Aċt nuair atá bóiṫre agus bóiṫre iarainn ag daoiniḃ éiriġeann siad ró-ṡásta agus leisgeaṁail. Téiḋeann siad—cuir i gcás—ó Ġailliṁ go Baile Áṫa Cliaṫ agus ó Ḃaile Áṫa Cliaċ go Gailliṁ gan duaḋ gan deacraċt, ċóṁ minic agus is mian leo. Feiceann siad na rudaí céadna gaċ uair, nó ní ḟeiceann siad aon rud. Naċ mór an méid a ċailleann siad i riṫ bliaḋna! Ní ḟeiceann siad, ní ṁoṫuiġeann siad, ní ḋéineann siad, ní ḟaġann siad amaċ dóiḃ féin aon rud gur fiú a ċur i gcomórtas leis na mílte rud a ṫárla d' ár sinnsir roṁainn—nuair naċ raiḃ na bóiṫre réiḋe le fáġail. San móḋ céadna éiriġeann ár n-aigne ró-ṡásta agus leisgeaṁail de ḃríġ go ḃfuil bóṫar-iarainn Ṫomáis Acuínas, bóṫar-iarainn Hégel, bóṫar-iarainn Göte, bóṫar-iarainn Dairḃen, agus a lán eile naċ iad againn.”

“Is fíor é sin,” ar Caoiṁġín, “aċt naċ dtig linn an dá ṫráiġ do ḟreastal? Is féidir linn foġluim na ḃfeallsaṁ agus spiorad na ndaoine a ḃeiṫ faoi ṁeas againn agus ár n-intinní féin a ṡaoṫruġaḋ san am céadna. Ḋá ṁéid mo ṁeas ar Ġöte agus ar Hégel ní haṁlaiḋ is luġa mo ṁeas ar ṡeanċus Ċluaintobair, agus fásann mo intleaċt féin 'na sliġiḋ féin.”

“B' ḟéidir é,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt saoileann tú, is dóċa, gur rud mór feallsaṁnaċt Hégel agus fóġluim na ḃfeallsaṁ eile, agus gur rud simpliḋe seanċus. Ċluaintobair agus seanċus na tuaiṫe ar fad. Ní ḃeinn ar aon intinn leat faoi sin. Tá an oiread sin iongnaiḋ orm [ 25 ]anois faoi intleaċt na ndaoine fá'n dtuaiṫ agus atá orm faoi intleaċt Ġöte agus intleaċt Hégel.”

Ċeap Caoiṁġín nár ċeart an dá rud a ċur i gcóiṁ-ṁeas le ċéile. Duḃairt sé go raiḃ an oiread sin difriġeaċta eatorṫa agus a ḃí idir bláṫa na ngleann agus réalt-ḃuiḋean.

“Éist liom anois,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ḋá ḃliaḋain ó ṡoin sul ar ṫáinig mé go Gortrua mar ṡeiplíneaċ ċuireas suim ṁór i ḃfóġluim agus smaointe na ḃfeallsaṁ. Ċeapas go mbaḋ ṁór an rud é iad a ċur i n-úil dár bpobal. Ceapaim fós go mbaḋ ṁaiṫ an rud é, ar ṡliġṫiḃ. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do fuaras amaċ go ḃfuil mianaċ smaointe, mar adéarfá, le fáġail fá'n dtuaiṫ. Aċt ní furus é ḟeicsint ar dtús, agus tá na mílte daoine ann agus ní ḟeiceann siad go deo é. Tá sé buailte isteaċ im' aigneaḋ, áṁṫaċ, go ḃfuil Tír na nÓg, saoġal intinne fá leiṫ, ag muintir na tuaiṫe. Aċt ní ḃéaḋ an t-eolas sin agam muna mbéaḋ gur ċromas ar obair ḟeilmeoireaċta do ḋéanaṁ.”

“Obair ḟeilmeoireaċt'!” ar Caoiṁġín. “Tá ḟios agam go ḃfuil garḋa agat, aċt ní feilmeoir ṫú.”

“Is feilmeoir mé,” arsan t-Aṫair Muiris. “An riasc mór atá i n-aice mo ṡean-tiġe i nGortrua, fuaras ó'n tiġearna talṁan é, ar ḃeagán cíosa. Tá fir ḃoċta na h-áite 'gá ṡaoṫrú im ḟoċair agus tá sé réiḋtiġṫe agam an soċar do roinnt leo. Oibriġeann siad go fonnṁar, agus tá gaċ rud ag éirġe go geal linn. Ċóṁ minic agus is féidir liom cuirim sean-ċóta orm, glacaim mo rán, agus oibriġim 'na measg. Innisim sgéalta, abraim aḃráin, déanaim greann, ċóṁ maiṫ leo féin, le linn na h-oibre. Déineann sin an gnó. Téiḋim cun na dtiġṫe ist-oiḋċe ar cuairdiḋeaċt. Bím ċóṁ h-aereaċ le cáċ. Mar ġeall ar na rudaí seo faġaim amaċ rudaí ná fuair sagart amaċ ariaṁ roiṁe seo. Tá iongnaḋ agus áṫas orm faoi intleaċt na dtuaṫaiḋe.”

“Is iongantaċ an sgéal é,” ar Caoiṁġín. “Baḋ ṁaiṫ liom aiste do sgríoḃaḋ air i gcóir an ṗáipéir. Ḋéanfaḋ an deaġ-ṡompla maiṫeas mór——”

“Ó, ná sgríoḃ dada 'na ṫaoiḃ. Ná déan tagairt dó ar ċor ar biṫ. Dá mbaḋ rud é go mbéaḋ tráċt air sna páipéirí ċuirfeaḋ an t-easbog cosg air. Ceapann sé go ḃfuil obair mar í mí-oireaṁnaċ do ṡagart. Deir an [ 26 ]t-Aṫair Ó Doṁnalláin, an sagart paráiste, gur ċóir dam ḃeiṫ cúramaċ. Ceapann sé go n-éireóċaiḋ mé tuirseaċ di. Ní éireóċad.”

“Tuigim go maiṫ an gráḋ atá agat do ḋaoiniḃ agus do ṡaoġal mar iad,” ar Caoiṁġín. “Aċt tá rudaí eile i d' intleaċt, agus béiḋ siad-san ag fás i n-aiṁḋeoin do ḋíṫċill. Tá dúil agat i litriḋeaċt ṁóir, agus do léiġ tú a lán feallsaṁnaċta i Maġ Nuaḋad——”

“An iomarca feallsaṁnaċta baḋ ċeart duit a ráḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá a lán dá múnaḋ i Maġ Nuaḋad naċ mbaineann le saoġal an ċiniḋ ḋaonna. Tá siad ċóṁ cruaiḋ, neaṁ-ṫairḃeaċ le téarmaí luiḃeolais. Tá simpliḋeaċt ag teastáil uainn go léir. Bun na beaṫaḋ móire í. Is iongantaċ an méid simpliḋeaċt atá i múnaḋ agus i mbriaṫra ár dTiġearna—gioḋ go ḃfuilid ċóṁ glórṁar sin.”

“Ḃí an smaoineaḋ céadna im' aigneaḋ go minic le déannaiġe,” ar Caoiṁġín. “Agus seo rud a ċuirfeas iongnaḋ ort, b'ḟéidir. Nuair a ḃím ar céiliḋe, nó ar cuairdiḋeaċt, cois na teineaḋ, nó i mbuiḋin Gaeḋilge ar biṫ, ceapaim go mbíonn Críost i n-aice linn. Nuair a ḃím ins na bailtiḃ móra i riṫ an lae ní mar sin a ḃíos an sgéal.”

“Ní ċuireann sin iongnaḋ orm,” adeir an t-Aṫair Muiris. “Nuair a ḃímíd ins na buiḋniḃ Gaeḋilge éiriġeann an cáirdeas, an ċarṫannaċt, agus an ċroiḋeaṁlaċt atá ionainn—sin é spiorad Ċríost.”

“Aċt anois agus arís ceapaim go mbíonn sé cosaṁail leis an spiorad a ḃí in-Éirinn i n-aimsir Ċúċulainn agus i n-aimsir na ḃFiann—nuair naċ raiḃ eolas ar Ċríost i n-Éirinn ar ċor ar biṫ,” duḃairt Caoiṁġín.

“'Seaḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá spiorad Gaeḋeal an lae indiu fíor-ċosaṁuil le spiorad na nGaeḋeal a ḃí 'na mbeaṫaiḋ i n-aimsir Ċúċulainn agus i n-aimsir na ḃFiann. Tá spiorad Ċríost ionnta seo anois; agus ḃí spiorad Ċríost ionnta súd annsin, ċóṁ cinnte agus ḃí físeanna ann sul ar rugaḋ Dante. Ḃí spiorad Ċríost sa gcineaḋ daonna ċóṁ fada siar agus do ḃí ann. Ḃí diaḋaireaċt agus cráiḃṫeaċt imeasg na ‘bPágánaċ.’ Ḃí an saoġal i n-allód i ḃfad 's i ḃfad níḋ ba ġlórṁáire 'ná mar ċeapann na sluaiġte indiu. Is deacair é ṁíniú, aċt——”

[ 27 ]“Ceapaim go dtuigim é go rí-ṁaiṫ,” ar Caoiṁġín. “Táim ag déanaṁ stuidéir ar na ceisteanna seo le fada, cuid aca ag cur áṫais orm, cuid eile aca ag déanaṁ buaiḋearṫa ḋam. Léiġeas a lán i dtaoiḃ na siḃialtaċt' a ḃí sa doman na mílte aois ó ṡoin; i dtaoiḃ na Múinteoirí Mór a ḃí ann i ḃfad roiṁ aois ár dTiġearna—bríġ a dteagasc cosṁail le bríġ Ċríostaiḋeaċta—agus i dtaoiḃ sean-ealaḋan agus sean-ḟeallsaṁnaċta ar fad.”

“Léiġeas féin a lán do na rudaí céadna,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ċuireadar iongnaḋ agus áṫas orm. Ċuireadar ag maċtnaṁ fós mé, agus tá aon níḋ dá ḃárr agam—an obair úd i nGortrua.”

“Is aisteaċ é sin,” ar Caoiṁġín. “Tar eis na rudaí mór seo do léiġeaḋ agus do sgrúdú ḋuit baḋ ḋóiġ liom go mbéaḋ dúil-anama ġlórṁar agat agus naċ mbéiṫeá sásta le h-áit iargcúlta mar Ġortrua.”

“Cúpla bliaḋain ó ṡoin ní ḃéinn sásta,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt tá mé lán-tsásta anois. Ní furus é ṁíniú, aċt tá sé soilléir dam féin. Smaoiniġ go cúramaċ fá'n gceist ar fad agus b' ḟéidir go mbéaḋ gaċ rud ċóṁ soilléir duit-se agus tá daṁ-sa i ndeire na dála.”

Ṡaoil Caoiṁġín gur ṁór an truaġ é. Ċóṁ intleaċtaċ, ċoṁ léiġeanta agus do ḃí an t-Aṫair Muiris—b' ḟéidir leis litriḋeaċt ṁór do ċumaḋ dá mb' áil leis é. B' ḟéidir leis ḃeiṫ ċóṁ mór mar ṫreoraiḋe intleaċtaċ i n-Éirinn agus do ḃí an t-Aṫair Tiobóid 'na ṡliġiḋ féin breis a's trí fiċid bliaḋain roiṁe sin. Aċt fáiríor! Ḃí sé sásta a ḃeiṫ 'na ċoṁnuiḋe san iargcúil, ag toċailt na talṁan sa ló, ag innsint sean-sgéalta cois na teineaḋ ist-oiḋċe, i n-ionad a ḃeiṫ ag sgríoḃaḋ leaḃar nua, agus ag cur a smaointe mór os coṁair an tsaoġail Ḟódlaiġ.

Ar feaḋ uaire ḃí Caoiṁġín ag iarraiḋ air éiriġe as an ḃfeilmeoireaċt, agus obair intleaċtaċ a ċur ċun cinn. Do laḃair an tAṫair Muiris go deas, réiḋ, aereaċ 'na ċoinne.

“Dúiliġeann sinn an iomarca rudaí naċ ḃfuil gáḃaḋ againn leo,” ar seisean fá ḋeire. “Tá an smólaċ sásta leis an gceol ċéadna leis na ciantaiḃ Éireann. Tá an sgéal céadna ag an ḃfuiseog agus an londuḃ.”