DUAIN NA SAOIRSE.
Aindrias Mac Craith1 ró chan.
Air ghuth “Eire mo mhúirnín slán leat go bráth.”
Is fada mé a g-cúmhaidh gan tnúth le téurma,
Go dúbh-chroídheach, tréith-lag, tláith, gan treóir;
A’m bhascadh ag búir ’s a’m bhrúghadh ag baothlaich,
A lúib lom sléibhe faoí bhrácadh an bhróin;
Gan charaid a’m chabhair acht Donn ’s a ghaolta,
Do bheartuigh air d-túis damh túirling taebh leis,
Go n-aithriseadh dúinn gach rúin budh léir do,
Le dúil greínn, sgléipe a’s gáirdeas ceóil,
D’ aithris air d-túis dúinn cúis na saor-fhlaith,
Gan fiú suím gnéidh ’gus fáth a n-gleóidh
A’s gur gairid beidh búir a n-dúthcas Fhéidhlim,
A’s crú chaoín Eibhir táir gan treóir.—
Tá Carolus lonn ’s a chabhlach gléusta
Ag tarraing tar abhainn le cabhair d’ár saoradh,
’S ní mhaithfidh se bonn do chlann Lútéruis,
’S beidh fogha Gaoídhil tréun gan tlás ’s an tóir.
Feasda beidh greann le fonn ag éigsibh,
A’s tiúin bhínn gléusta ag dáimh an cheóil,
Beidh cantain a d-Teamhair fa shamhain ag saor-fhlaith,
As togha slíghe ag cléir le fághail ó’m leóghan,
Beidh cealla agus úird gan chúinse ag Papists,
Beidh easbairt dia-domhnaich a d-teampoill Eirean,
Beidh scaipeadh agus scannradh air chomplucht éigin,
’S as súbhach, sítheach gaoidhil go bráth ’n a dheóigh.
Sin agad ó thúis gach rún ba mhéinn liom,
A’s meamhruigh féin do chách mo sceól,
Tigeadh gach crobhaire a g-cobhair le Searlas
Cuímhnigh an conradh réub go claon ar namhaid
Sin agaibh an tan a’s gabhaidh le chéile,
Preabaidh le fonn a’s pleanncaidh méith-phoic,
Leanaidh an fogha áir dhroing ann éithich,
’S ná hiompoígheadh aén le scáth, ó’n n-gleóidh.