IONARBADH SHEAGHAIN BHUIDHE.
Eibhlín n-í Chaoilte ró chan.
Stadaigh bhur n-géur-ghul a ghasraidh chaomhdha,
Ná scarraigh bhur n-déura ní gábhaidh dhaoíbh;
Táid feara-choin laochda ’na Banban aosda
Go bagarthach, baoghlach ag gárdaídheacht:
An aicme-so an bheurla tá a g-ceannus na h-Eirean,
Do cheangail ar g-cléir bhochd faoí árd-chíos,
Beidhid feasda fa dhaor-bhroid ag freasdal do ghaodhlaibh,
’S gan acmhaing a saortha ag Seághan Buídhe.
Casfaid na Séamais, le feartaibh an Aén-mheic,
Is stadaigh go h-éusga, bhur n-árd-chaoidh;
Gídh fada go faon sibh, ag tarraing na cléithe,
Is bhur m-bailte ag méirlich, gan fághail dlíghe,
Ní’l spreallaire craosach, le’r spalpadh an t-éitheach,
Nach g-caithfeas de léim, dul a m-bárr claídhe,
Le h-eagla Sheurlais, an faraire tréidheach,
Do ghlanfas a’s Eirinn do Sheághan Bhuídhe.
[ 84 ]
Beidh gairm ag Gaodhlaibh, go fairsing ’n a dhéigh sin,
Agus Gallaibh d’á d-traochadh, mar táthaoí
Beidh preabaire Gaodhlach, ’n a sgafaire méara.
’S an chathair faoí féin, a’s ní cás línn;
Beidh aithfrionn náomhtha a g-ceallaibh na h-Eirean,
’S beidh cantain ag Eigsibh, go h-árd-bhínn
A’s air mh’fallaing go m-béidhead-sa a’s céud ainnfhir
mar aon liom,
Ag magadh gan traochadh faoí Sheághan Bhuídhe.