[ 55 ]“Ní ṫig liom sgaraḋ leat mar sin,” ar an bradán mór, “agus saoilim gur díṫcéilleaċ an fear ṫú, aċt mar tá dúil agat fan aċt in Éirinn biḋeaḋ sé mar sin. Tá ḟios agat cé ḃfuil Dún na riġ i ngar do’n loċ?” “Tá eolas agam air, go deiṁin,” ar Doṁnall, “is iomḋa maide a ġearr mé ann.” “Má ḃiḋeann tú san dún anoċt ar uair an ṁeaḋoin oiḋċe, béiḋ mise róṁat, ⁊ cuirfiḋ mé i mbealaċ sáiḋḃris ḟaġáil ṫú; ⁊ so ḋuit domblas le cuimilt ar ṡúiliḃ t’inġíne, ⁊ beiḋ a h-aṁarc aici, ⁊ duine ar biṫ eile atá dall in do ċoṁursanaċt, déun mar an gceudna leis. Aċt ná glac ór ná airgead ó ḋuine ḃoċt, ⁊ nuair a raċas tú a ḃaile, ar do ḃeaṫa, ná h-innis d’aon neaċ beo cia an áit a raiḃ tú, ná aon niḋ d’eiriġ ḋuit ó d’ḟág tú baile.” Glacfad do ċoṁairle, ⁊ deunfad mar adeir tú,” ar Dóṁnall.”
Annsin, ḃuail sé buille air, ⁊ rinne sé cruiteaċ (crotaċ) ḋe, ⁊ duḃairt sé “lean mise.” Lean Dóṁnall é, ⁊ níorḃ ḟada go ḃfuair sé é féin ag snáṁ ar an loċ, ⁊ an bradán mór lé n-a ṫaoiḃ. Nuair ṫáinic siad go bruaċ, ċaiṫ sé Dóṁnall suas ar talaṁ mar ḃí sé, seal (sul) má ndeaċaiḋ sé aig iasgaireaċt.
Nuair ċuaiḋ sé a ḃaile, ḃí an teaċ líonta roiṁe lé daoiniḃ muintearḋa ⁊ lé coṁursanaiḃ; ⁊ ḃí a ḃean ⁊ a inġíon ag gul ’s ag caoineaḋ mar ṡaoil siad go raiḃ sé báiḋte. Shiuḃail se isteaċ, ⁊ d’iompuiġ siad air lé h-iongantas, ⁊ ṫoisiġ siad ag craṫaḋ láṁ leis. “Fág mo ḃealaċ,” ar Doṁnall, “go dtugaiḋ mé raḋarc dom’ inġíon.” Tharraing sé amaċ domblas an ḃradáin, ⁊ ċuimil sé súile Nóirín, ⁊ ḃí raḋarc aici ċoṁ maiṫ a’s ḃí ag Doṁnall féin. Sgread sí ⁊ ḃuail sí a basa lé lúṫġair ⁊ ṫug sí buiḋeaċus do Ḋia.
[Ḃí go leor daoine dall ins an bparráiste, ⁊ ċuir sé fios orra ⁊ ṫug sé a raḋarc dóiḃ. Níorḃ ḟada go ndeaċaiḋ cáil Ḋoṁnaill ṫríd an tír, ⁊ ḃí daill ag teaċt ċuige ’ċ uile lá.]
Nuair ṫáinic uair an ṁeaḋoin oiḋċe, nó seal gearr roiṁe, ċuaiḋ Dóṁnall go Dún na ríġ; ⁊ is gearr gur ċualaiḋ sé rúille búille, ⁊ torann cosa capall, ⁊ isteaċ leis an Sluaġ Siḋe, ⁊ an bradán mór ós a g-cionn. Nuair ḃi an t-iomlán aca astiġ san Dún, laḃair an bradán mór “Tá báire liaṫróide coise le bualaḋ againn anoċt in aġaiḋ Siḋe Laiġean, tá gaisgiḋeaċ [ 56 ]agam le ḃeiṫ i láṫair ċoṁ treun a’s atá ’san doṁan. Tar i láṫair, a Ḋoṁnaill ḋuiḃ, go ḃfeiciḋ na daoine uaisle ṫú. Tháinic Dóṁnall, i láṫair, ⁊ ċraiṫ na fir siḋe láṁ leis, ⁊ i láiṁ gaċ aoin ḃí sparán óir. Tháinic an bradán ċuige ar deireaḋ, ⁊ ṫug sé ḋó mála mór leis an ór a ċur ann, ⁊ duḃairt sé leis é ċur faoi ċrann go dtagaḋ sé ar ais, ⁊ gan aiṫris do neaċ a rúin. Annsin ṫáinic síon ṁór ġaoiṫe, ⁊ d’ḟuadaiḋ sí an t-iomlán aca suas ins an aer, ⁊ leigeaḋ síos ar ṁaċaire ṁór iad. Ḃí Sluaġ Siḋe Laiġean ar an maċaire ⁊ níorḃ ḟada gur ṫoisiġ an báire ġá ḃualaḋ.
Ḃí an ġealaċ ṡuas, ⁊ ḃí an oiḋċe bunáit ċoṁ geal leis an lá: ḃí siad ag riṫ anonn is anall; tromaċ, tramaċ; ⁊ is iomḋa fear a ṫuit le cor coise. Fá ḋeireaḋ, fuair Siḋe Chonnaċt buaiḋ, ⁊ gnóḋuiġ siad an báire.
Tháinic an tsíon ġaoiṫe arís, ⁊ tugaḋ ar ais iad go Dún na riġ, i ngar do Loċ-Rí. Annsin duḃairt an bradán mór lé Doṁnall. “Faġ do ṁála, ⁊ imṫiġ a ḃaile—tá an oiread agat anois a’s ċaiṫfeas tú féin, do ḃean, ⁊ t’inġíon, aċt ná leig an rún amaċ nó caillfiḋ tú an t-iomlán. Slán leat!!”
Chuaiḋ Dóṁnall a ḃaile, ⁊ ċuir sé an mála óir i ḃfolaċ faoi leac ṁóir in urlár an tiġe seal (sul) má’r eiriġ Noírín nó an ḃean; ⁊ ní raiḃ ḟios aca go raiḃ sé amuiġ ar ċor ar biṫ. Nuair d’eiriġ siad, ṫaisbeán sé lán a ġlaice d’ór dóiḃ, ⁊ ċuir sin luṫġáir ṁór orra, riṫ siaḋ ċuige, ⁊ ṡaoil sé go múċfaḋ siad le pógaiḃ é. Cheannuiġ sé gaḃaltas mór talaiṁ, ⁊ ċuir sé teaċ breaġ ar bun. Seal gearr ’na ḋiaiḋ so ṗós Nóirín sgológ saiḋḃir.
Tá an bradán mór ins an gcaisleán faoi’n loċ, ⁊ ṫig le duine ar biṫ é ḟeiceáil ’ċ uile lá Bealtaine, ag snáṁ ar ḃárr uisge an loċa. Mhair Dóṁnall, a ḃean ’s a inġean go sona, seunṁar, buansaoġalaċ; ⁊ gur ab é ar ndála go léir é.
“Páidín ruaḋ O’Ceallaiġ.”