[ 1 ]
JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG.
CAIBIDIOL I
MAR ṪÁINIG JIMÍN AR AN SAOĠAL IS MAR ĊUIR SÉ DÚIL I gCÍSTE MILIS
An Máiġistir aduḃairt liom é seo a scríoḃ le cur go dtí “An Lóċrann.” Cúntas a scríoḃ mar ġeall orm féin—sin é duḃairt sé ḃí uaiḋ. Ní ḟeadar cad ab áil leis “An Lóċrann” dá leiṫéid sin. B’ḟéidir gurab aṁlaiḋ atá an fear a ḃíonn ag scríoḃ do ró leisciúil ċun a ṫuille ċur síos. Bíonn an Máiġistir féin ró leisciúil uaireannta aon rud a ḋéanaṁ agus cuireann sé ag léiġeaṁ sinn agus téiġeann sé féin amaċ sa ṗóirse ag caiṫeaṁ tobac. Rug cigire lá air ann. Ní maiṫ leis an Máiġistir cigirí ar ṡlí éigin. Ní maiṫ liom féin na cigirí sin, leis. Ḃí fear aca sa scoil iné agus níor laḃair sé aon ḟocal Ġaeḋilge leis an Máiġistir. B’ait linn é sin mar ḃí sé ag baint sásaiṁ de ’na taoiḃ.
Tá sé ċoṁ maiṫ agam tosnú ar an gcúntas úd. Ní ḟeadar i gceart cá dtosnoċad: duḃairt an Máiġistir liom m’ainm a ċur síos ar dtúis; aċ ní féidir dom anois é ċur síos ar dtúis mar tá barr an ṗáipéir seo lán. Cuirfead annso é: Jimín Ṁáire Ṫaiḋg. Is mise Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail. Sin é an ainm atá ar mo ḋaid; aċ níl aon tor’ ar mo ḋaid boċt sa tiġ seo agus ní ṫugann aonne a ainm sin orm-sa aċ ainm mo Ṁam. Sí Máire Ṫaiḋg mo ṁáṫair, tá’s agat. Is iongantaċ an duine Mam. Bíonn eagla [ 2 ]orainn roimpi—me féin is Daid. Tugann sí sceiṁle do Ḋaid uaireannta. Sin é cúis go ḃfuil Jimín Ṁáire Ṫaiḋg orm-sa.
Rugaḋ mé fad ó—fad ó—ní cuiṁin liom-sa caṫain aċ deir Seana-Ḃriġid go ḃfuil trí bliana déag ó ṡin ann. Deir sí go raiḃ ár dtiġ-ne anaṁór tré-na-ċéile an oiḋċe ṫána-sa ann. Ḃí gaċ aonne ’na ṡuiḋe fea’ na hoiḋċe. Seana-Ḃriġid féin a fuair me sa ḃfeamnaiġ ar ḃarra-taoide. Ḃí sceitimíní orṫa go léir im’ ṫaoḃ. Ḃíos-sa ag béiciġ ar mo ḋíċeall. Ṫáinig mná an ḃaile go léir isteaċ agus ḃíodar ag féaċaint orm.
“Is breá an t‑uċtaċ atá aige, bail ó Ḋia ar an leanḃ!” arsa Peig Neans.
“Ṁuiricín!” arsa Síle Eoin, “naċ baileaċ a ṫug sé ḋá ṡúil Ṡeana-Ṫaiḋg leis?”
“Gráḋ Dé, óinsiġ!” arsa Máire Aindí, “an caoċ ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalaċ cruṫanta é. Naċ ṡin iad ḋá ṡúil ’aṫar aige, agus an geannc beag sróna, agus an croiceann buiḋe?”
“Gaiḃim-se orm gur le n‑a ṁáṫair is deá’rataiġe é,” arsa Síle.
“Nárab eaḋ;” arsa Máire Aindí, “sé ’aṫair ’na ċrot aonair é.”
Ḃí na mná ag dul i gcoċall a ċéile gur laḃair Beit Ṁór agus gur ḋein sí spiorspear de’n scéal.
“Pé duine gur deá’rṫaċ leis é,” ar sise, “is caiṫiseaċ an leanḃ é, bail ó Ḋia air.”
Annsan ṫóg m’aṫair buidéal as an gcurpad agus ṫug sé braon as dosna mná. Ṫug sé braon mór do Ṁáire Aindí. Duḃradar go léir, “go mairir a ḃfuil nua agat!” nuair óladar é. Ċuaiḋ an braon le n‑a hanál age Síle Eoin agus ḃíodar ’á bualaḋ sa drom. Ḃí rí-rá mór aca annsan agus cainnt agus gáiriḋe. Ṫáinig sciaṫáin ar m’aṫair agus ḋein sé greas rinnce. Níl mo Ḋaid go maiṫ ċun rinnce, tá’s agat, aċ ’ċionn mise ḃeiṫ aige, is dóċa, ḃí mórtas air. Aċ do laḃair mo Ṁam ón seomra agus duḃairt sí “an t‑amadán fir sin a [ 3 ]stop.” Do stop mo Ḋaid láiṫreaċ. Deineann sé rud uirṫi i gcoṁnaiḋe. Daid boċt!
Ní cuiṁin liom-sa na rudaí sin do ṫuitim amaċ i n‑ao’ ċor. Seana-Ḃriġid d’innis dom iad. Ní ḋeineann Seana-Ḃriġid sin aon ċodla is dóiġ liom. Bíonn sí amuiċ gaċ aon oiḋċe ag faire na tráġa féaċaint a’ ḃfaġaḋ sí aon ḃunóc. Aon ċeann aca ṫagann go dtí aon tiġ sa ṗaróiste, sin í ġeiḃeann iad istoiḋċe sa ḃfeamnaiġ, adeir sí. Níl aon ḃunóc aca i dtiġ Ṗeig Ṁuirfí agus bíonn na mná go léir ’á ráḋ gur mór an truaġ san. D’éaluiġeas féin amaċ oiḋċe tríd an ḃfuinneoig ċun dul ar an dtráiġ féaċaint a ḃfaġainn bunóc dóiḃ. Ní raiḃ aon rian de ḃunóic ann cé gur ċuarduiġeas an ḟeamnaċ an fad; ná ní raiḃ aon ṗioc de Ḃriġid ann aċ ċoṁ beag. Ar maidin ḃí leanḃ faċta aici do ṁuinntir Cláis Ṁóir agus duḃairt sí liom-sa nuair ċuireas ceist uirṫi gur ar a’ dtráiġ a fuair sí í. Duḃart-sa léi go raiḃ an t‑éiṫeaċ aici—go raḃas féin fea’ na hoiḋċe annsan agus ná feaca í. Ṫáinig stad innti agus d’ḟéaċ sí orm. Annsan duḃairt sí gur mé “an diaḃailín” agus rug sí ar ṡlait ċuġam.
Na rudaí beaga go léir a ṫugann Seana-Ḃriġid léi ní ḃíonn aon ċainnt aca ná ní ḟéadfaidís riṫ ná siuḃal. Ní dóiġ liom go raḃas-sa riaṁ mar sin. Ḃí cainnt mo ḋóṫain riaṁ agam—an iomad, adeireaḋ mo Ṁam. Níl aon leiġeas agam air. Bíonn rudaí istiġ ionnam agus ní ḟanfaidís socair gan iad a ráḋ. Mara leiginn amaċ iad do ḃeaḋ tinneas orm aca agus is dóċa go ḃfaġainn bás. Agus tá riṫ maiṫ agam leis. Rugas ar an ngaṁain ḃán indé; agus rugas na cosa óm Ṁam nuair a ḃí sí im’ ḋiaiḋ i dtaoḃ an ċíste uaċtair a ḋ’iṫe.
Tá’s agat, ḃí súil aici an tráṫnóna san le hinġin Ṁáire Aindí ḃí tar éis teaċt aḃaile ó Ḃleá Cliaṫ, agus ḋein sí císte uaċtair ’na coṁair agus ċuir sí dorn rísíní ann agus siúicre rua. D’ḟág sí ’á ḟuaraḋ é ar ḃonn a’ dresser. Ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann nuair a fuaireas an bolaṫ breá go léir uaiḋ, agus nuair d’imiġ [ 4 ]mo ṁam anáirde staiġre do ḃaineas oiread a’ frí’ as an gcíste. Ṁeasas go ḃfaġainn bás ḃí sé ċoṁ milis sin! agus ar ṁ’anam, ḃíos ó smut go smut go raiḃ bearna ṁór déanta ’gam isteaċ sa ċíste uaċtair. Ḃios scuḃṫa ċuige, a ḋuine!
Nuair a ċuala Mam ag teaċt anuas an staiġre ċuireas díom amaċ agus ḃíos ag cur ḋá ġaṁain le Donnċa Beag as an mbuaile. Ċuala Mam ag cur aisti istiġ. Ṫáinig sí ’on doras. “’Jimín!” ar sise agus ní go gráṁar é. “Geo’-se ’maċ!” arsa mise leis na gaṁna. “’Jimín, adeirim leat,” ar sise arís, aċ ḃí Jimín ċoṁ boḋar le slis!
Níor ḋein san dom ṁáṫair é. Ṫug sí sciúird fúm. Ḃí fiarṡúil agam-sa ar an ndoras fea’ na haimsire—ḃí droċionntaoiḃ agam aisti, a ḋuine—agus ċonnac ċuġam í. As go bráṫ liom, a ṁic ó, agus me ag caiṫeaṁ grin óm’ ṡálaiḃ! Ḃuel, a leiṫéid de rás ní ḟeaċaís ón lá baisteaḋ ṫu—mise is mo Ṁam ag cur dinn, faid a ḃí ’nár gcroiḋe! Dá mbeaḋ an bóṫar díreaċ aici ḋéanfaḋ mo Ṁam an ḃeart orm; aċ nuair a ḃíoḋ sí ag cur crúca im’ ċúl ṫugainn-se an cor di agus ḃí sí ’á traoċaḋ agam. Ní haon ṁaiṫ mná ċun reaṫa. Annsan do ḃuail sí a lurga ar ċolltar an ċéaċta ḃí caiṫte sa ḃuaile. Ḃí an ṗraiseaċ ar fuaid na mias annsan, a ṁic ó! B’éigean di éirġe as an ḃfiaċ. Ḃí sí bacaċ ar feaḋ seaċtaine.
Tríd an ḃfuinneoig a ċuas féin isteaċ an oiḋċe sin tar éis iad a ḋul a ċodla. Duḃairt Cáit liom—sin í mo ḋrifiúr—go ḃfuair m’aṫair sceiṁle óm’ Ṁam nuair ṫáinig sé isteaċ tráṫnóna. Deineann sí é sin i gcoṁnaiḋe nuair a ḃíonn fearg uirṫi. Duḃairt sí ná raiḃ aon ċeart aige an ċéaċta ḃeiṫ san áit sin aige, agus ṫug sí “srimileálaiḋe gan ṁaiṫ” air. Daid boċt!
Ní ṫáinig aonne de’n triúr againn ċun bladair le n‑a ċéile go ceann seaċtaine tar éis an ċíste ḋ’iṫe. Níor ġáḋ leaṫ a’ ṁurdail. Nár ċeart císte milis a ṫaḃairt do ḃuaċaill boċt a ḃíonn sa ḃaile ċoṁ maiṫ is taḃarfaí d’ inġin Ṁáire Aindí é toisc í ṫeaċt aḃaile ó Ḃleá Cliaṫ.
[ 5 ]Jimín ar an nGaṁain Ḃán