Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/101

From Wikisource
This page has been proofread.

Well, Tommy,” ar sé, guím aoibhneas an tsaoil ort, a sheanbhuachaill, agus na táinte airgid, agus nár bhásaí tú riamh go lámhacha mé thú. Agus sin guí an charad dhílis, an tseancharad. An bhfuil a fhios agat sin?” “Tá a fhios agam,” ar Little Chandler. “An bhfuil gasúir agat?” a dúirt Ignatius Gallaher. Dhearg Little Chandler arís.

“Tá páiste amháin againn,” ar sé.

“Mac nó iníon?”

“Buachaill beag.”

Thug Ignatius Gallaher bos sonda sna slinneáin dá chara.

“Mo cheol thú,” ar sé, “ní bheadh aon amhras orm ina thaobh uait, Tommy.”

Rinne Little Chandler meangadh gáire, d’amhairc go mearbhlach ar a ghloine, gur chogain a liopa íochtar le trí fiacail a bhí chomh bán le fiacla páiste.

“Tá súil agam go gcaithfir oíche linn,” ar sé, sula dté tú ar ais. Beidh lúcháir ar mo bhean romhat. Tig linn éisteacht le beagán ceoil agus - ”

“Go raibh míle maith agat, a sheanbhuachaill,” ar Ignatius Gallaher, “tá aiféala orm nár bhuaileamar lena chéile níos luaithe. Ach ní mór dom imeacht anocht.”

“Anocht, b’fhéidir ...?”

“Is mór an t-aiféala atá orm, a mhic. Is é an chaoi a bhfuil sé, táim anonn anseo in éineacht le duine eile, stócach éirimiúil is ea é freisin, agus bheartaíomar dul chuig cluiche beag cártaí. Murach sin ...”

“Ó, sa chás sin ...”

“Ach cá bhfios?,” ar Ignatius Gallaher