Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/112

From Wikisource
This page has been proofread.

Bhí lár na míosa curtha dhe agus, dá dtagadh leis déanamh chóip in am, b’fhéidir go dtabharfadh Mr Alleyne ordú airgid le bailiú ón airgeadóir dó. D’fhan sé ina sheasamh ag baint lán na súl as an chionn os cionn an charnán páipéar. Go tobann, thosaigh Mr Alleyne ag cur na bpáipéar trí chéile, ar thóir ruda éigin. Ansin, mar nach mbeadh a fhios aige go raibh an fear ann go dtí an nóiméad sin, d’ardaigh a cheann de sciotán arís ag rá dhó:

“Ha? An bhfuilir chun fanacht i do staic ansin ar feadh an lae ar fad? Dia dár réiteach, Farrington, nach tusa a thógas go réidh é!”

“Bhíos ag fanacht go bhfeicinn..”

“Tá go maith, ní call duit fanacht go bhfeice tú. Gabh síos staighre agus déan do dhualgas.”

Shiúil an fear go tromchosach i dtreo an dorais agus, ag fágáil an tseomra dhó, chuala sé Mr Alleyne ag scairteadh mura mbeadh an conradh cóipeáilte roimh an oíche go gcloisfeadh Mr Crosbie faoin scéal. D’fhill sé ar a dheasc san oifig íochtair agus chomhair na bileog a bhí fós le cóipeáil. Thóg a pheann, thum sa dubhach é agus leann air ag stánadh go dall ar na focail deireanacha a bhí scríofa aige: “Ar chúis dá laghad, ní bheidh an Bernard Bodley réamhráite ...” Bhí an lá ag diúltú dá sholas agus i gceann cúpla nóiméad lasfaí na soilse gáis: ansin d’fhéadfadh sé scríobh. Níor mhór dó cosc a tharta. Ag fágáil na hoifige dhó, d’fhéach an príomhchléireach go fiafraitheach air.

“Tá sé ceart go leor, Mr Shelly,” ar an fear,