Nach bhféadfadh sé coinneáil a theanga ina phluc? Ach níor réitíodar le chéile ón tús, é féin agus Mr Alleyne, ar tharla do Mr Alleyne a chloisteáil ag déanamh aithrise ar a thuin Ultach a bhaint gáire as Higgins agus Miss Parker: ba é sín an tosach leis. D’iarrfadh sé airgead ar Higgins, ach i nDomhnach ní raibh cianóg rua ag Higgins dó féin riamh. Fear a raibh dhá ghnólacht le coinneáil ar siúl aige, ar ndóigh ní fhéadfadh sé...
Dúil chráite i sómas an tigh tábhairne, bhuail sí a chorp mhór mhillteach arís eile. Bhí sé ag éirí fuar ag an cheo, agus mheabhraigh ar bhleán Pat i dtigh Uí Néill. Ní rachadh leis bleán níos mó ná scilling uaidh – agus níorbh fhiú scilling. Ach chaithfeadh sé teacht ar an airgid áit éigin: bhí a phingin deireanach caite aige ar an ghloine pórtair agus bheadh sé ró-dhéanach le fáil airgid in áit ar bith gan mhoill. Go tobann, smaoinigh sé ar oifig gill Terry Kelly ar Shráid na Toinne agus é ag méirínteacht le slabhra a uaireadóra. B’in an buachaill! Nach breá nár smaoinigh sé uirthi níos túisce.
Chuaigh sé trí phasáiste chaol Templebar[1] go tapaigh, ag rá trína fhiacla leis féin go raibh cead an diabhail acu uile mar go raibh seisean ag gabháil a chaitheamh oíche maithe. Coróin a dúirt an cléireach in oifig Terry Uí Ceallaigh! Sé scilling a d’áitigh an coinsíneoir áfach; agus sa deireadh thiar is sé scilling go baileach a tugadh dhó. D’fhág sé oifig an gheallbhróicéara go ríméadach agus é ag déanamh sorcóra big de na boinn idir a ordóg agus a mhéara. I Sráid Westmoreland, bhí na cosáin dubh le fir agus le mná óga ar a mbealach abhaile óna n-obair gnó agus