Bhí dreach tromchúiseach diongbháilte ar Farrington. Thosaigh an triail. Tar éis tuairim is trocha soicind tharraing Weathers lámh a chéile comhraic go mall anuas ar an bhord. Dhearg dreach chíríneach Farrington, go raibh snó níos dorcha fós uirthi le teann feirge agus náire gur bualadh é le glas-stócach. “Ná lig meáchan do choirp taobh thiar de. Imir go hionraic,” a deir sé. “Cé nach bhfuil ag imirt go hionraic?” a deir sé siúd. “Arís eile. An dá cheann is fearr de trí bhabhta.” Thosaigh an triail arís. Sheas féitheacha Farrington amach ar a éadan, agus d’athraigh snó Weathers go dath na peony.[1] Chreath a lámha leis an strus. I ndiaidh coraíochta fada chuir Weathers lámh a chéile chomhraic go mall ar an tábla arís eile. Tháinig monabhar molta ón lucht féachana. Chlaon an curáideach, a bhí ina sheasamh in aice leis an bhord, chlaon a cheann leis an bhuaiteoir go dúirt le teanntás leibideach:
“Á, sin an cleas!”
“Cá sa diabhal fios duitse?” ar Farrington go fíochmhar agus é ag tabhairt faoin fhear. “Cé a d’iarr ortsa do ladar a chur isteach sa scéal?”
“Fuist, fuist!” ar O Halloran ar bhfeiceáil dhreach fhoréigneach Farrington dó. “Caithighí siar bhur ndeochanna a bhuachaillí. Beidh smeachán beag bídeach amháin eile againn agus ansin imeoimid linn.”
Sheas fear a raibh dreach an-stalcánta air ag coirnéal Droichid Uí Chonaill ag fanacht ar an tram beag