Shuífeadh na mná chun tae ag a sé a chlog agus d'fhéadfadh sí imeacht léi roimh a seacht. Ó Dhroichead na Dothra chuig Colún Nelson fiche nóiméad; Ón Cholún go Droim Conrach, fiche nóiméad; agus fiche nóiméad chun cheannach rudaí. Bheadh sí ann roimh a hocht. Tharraing sí amach a sparán gona greamána airgid agus léigh arís na focail: A Present from Belfast. Bhí sí an-tógtha leis an sparán sin mar cheannaigh Joe é dhi chúig bliana ó shin nuair a chuaigh seisean agus Alphy go Béal Feirste ar thuras Luan Cincíse. Istigh sa sparán bhí dhá leathchoróin agus cúpla pingin. Bheadh chúig scilling fágtha aici tar éis íoctha as an turas tram. Nach aoibhinn an oíche a chaithfidís in éineacht a chéile agus na páistí ar fad ag gabháil fhoinn! Ach amháin bhí súil aici nach dtagadh Joe abhaile agus é ar meisce. Bhíodh sé chomh difriúil nuair a bhí braon ar bith ar bord aige.
D’iarr sé go minic uirthi cur fúithi in aontíos leo; ach bheadh sí sa bhealach orthu dar léi (cé go raibh bean Joe an-chineálta léi) agus bhí sí dulta i dtaithí ar shaol na neachtlainne. Ba dhuine maith é Joe. Thugadh sí aire dhó agus do Alphy freisin; agus deireadh Joe go minic:
“Mo Mhama is ea mo Mhama ach is í Maria m’fhíor-mháthair.”
I ndiaidh chliseadh pósta a mhuintire féin fuair na buachaillí an post sin di i neachtlann Dublin by Lamplight, agus thaitin sé léi. Bhíodh drochmheas aici ar Protastúnaigh ach anois mheas gur dhaoine an-lácha iad, sách ciúin agus stuama, ach daoine an-deas le bheith i do chónaí leo. Anuas ar sin