Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/135

From Wikisource
This page has been proofread.

ag cur an phúicín uirthi, bhí sí ag briseadh a croí ag gáire, gur dhruid barr a sróine le bun a smige.

Ghiollaíodar chuig an tábla í agus gach aon duine ag gáire agus ag magadh agus shín sí a lámh amach san aer faoi mar a dúradh léi déanamh. Chorraigh sí a lámh thall agus abhus san aer gur thuirling anuas ar cheann de na fochupáin. Mhothaigh ábhar bog fliuch[1] faoina méara agus b’iontas léi nár labhair aon duine agus nár bhain a púicín di. Lean tost ar feadh cúpla soicind; agus ansin bhí cambús agus radadh cogarnaí ann. Dúirt duine éigin rud éigin faoin ghairdín, agus sa deireadh dúirt Mrs Donnelly rud éigean an-chrosta le cailín amháin de na cailíní bhéal dorais agus d’ordaigh a chaitheamh amach láithreach bonn: nár shúgradh é sin. Thuig Maria nach ndearnadh i gceart é an babhta sin agus chaithfeadh sí a dhéanamh arís dá dheasca sin: agus an uair seo fuair sí an leabhar urnaí.

Ansin sheinn Missus Donnelly port Miss McCloud do na páistí agus d’áitigh Joe ar Maria ghlacadh gloine fíona. Ba ghearr go rabhadar go léir spleodrach go leor arís agus dúirt Missus Donnelly go dtéadh Maria sna mná rialta sula mbeadh an bhliain thart mar go bhfuair sí an leabhar urnaí. Níor fhaca Maria Joe riamh chomh cineálta sin léi is a bhí an oíche sin: bhí sé chomh lán le caint shuáilceach agus le cuimhní deasa. Dúirt sí gur chaitheadar go léir go han-mhaith ar fad léi.

Sa deireadh thosaigh tuirse agus suan ag teacht ar na páistí agus d’impigh Joe ar Maria amhrán beag a rá sula n-imíodh sí, ceann de na seanamhráin. Dúirt Missus Donnelly “abair, le do thoil, Maria!” agus mar sin b’éigean do Maria éirigh agus seasamh le hais an phianó.

  1. an chré. Bás is ciall léi