Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/139

From Wikisource
This page has been proofread.

agus san aimsir chaite. Níor thug déirc do bhacachaigh riamh agus shiúladh go docht daingean agus smíste coill ar iompar aige.

B’airgeadóir le banc priobháideach ar Shráid Bhagóid é leis na blianta. Thógadh sé an tram isteach ó Shéipéal Íosóid gach maidin. Ag meán lae théadh go caife Dan Burke do chaitheadh a lón – buidéal beorach agus trátaire beag brioscaí arrowroot. Ag a cheathair a chlog scaoiltí leis. D’itheadh a dhinnéar i dtigh béile ar Shráid Sheoirse, áit ar airigh sé slán sábhaile ó chuideachta ógra saibhir Átha Cliath, agus áit ina raibh macántacht thíriúil faoin chlár bia. Chaitheadh an oíche os comhair phianó bhean an tí nó ag spaisteoireacht ar imeall na cathrach. Mhealladh a dhúil i gceol Mozart chuig ceoldráma nó ceolchoirm é ar uairibh: ní raibh drabhlás ar bith eile aige ach iad sin.

Ní raibh cara, comrádaí ná creideamh aige. Chaith sé a shaol spioradálta gan caidreamh le daoine eile. Thugadh cuairt ar dhaoine muinteartha leis ar Ló na Nollag agus thionlacadh chun na reilige iad nuair a fhaigheadís bás. Chomhlíon an dá dhualgas shoisíaltal seo de ghrá an réitigh ach ní ghéillfeadh orlach ar bith eile do nósanna an phobail. Dar leis féin, ghoidfeadh sé óna bhanc féin ar chúinsí áirithe, ach ó tharla nár bhuail na cúinsí seo riamh leis, lean a shaol ar aghaidh go deas réidh – scéal gan eachtra.

Oíche amháin, tharla dhó ina shuí idir bheirt bhan in Amharclann an Gheata. B’olc an tuar