Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/144

From Wikisource
This page has been proofread.

Is éard a deir ceann dá fhocail, a scríobhadh dhá mhí i ndiaidh a agallamh deiridh le Missus Sinico, ní féidir grá idir fhir mar tá toirmisc ar chaidreamh collaí agus ní féidir cairdeas idir fhear agus bhean mar ní mór caidreamh collaí. Sheachain sé coirmeacha cheoil ar fhaitíos go gcasfadh léi. D’éag a athair; d’imigh leas-pháirtí an bhainc. Agus fós théadh sé isteach don chathair gach maidin ar an tram agus shiúladh abhaile ón chathair gach tráthnóna tar éis béile suaraigh ar Shráid Sheoirse ag a léadh sé nuachtán an tráthnóna in áit ithe milseoige.

Tráthnóna amháin, agus greim beag mairteola agus cabáiste á chur ina bhéal aige, stad a lámh. Chónaigh a shúile ar alt sa pháipéar oíche a theanntaigh sé i gcoinne an chrúiscín uisce. Leag sé an greim bia anuas ar a phláta gur léigh an alt go cúramach. Ansin d’ól gloine uisce, bhrúigh a phláta ar leataobh, d’fhill an nuachtán ina leath dá leagan ar an bhord faoina uillinneacha gur léigh arís agus arís eile é. Leath deascán fuair bán geire ar a phláta ón chabáiste. Tháinig an cailín anonn chuige a fhiafraí dhe arbh é gur réitíodh a dhinnéar go hamscaí. Dúirt seisean go raibh an béile go maith agus chaith cúpla bolgam le dua. Ansin d’íoc as agus d’imigh amach ar an tsráid.

Shiúl go mear faoi spéir choineascrach Mhí na Samhna, agus a mhaide tathagach coill ag bualadh na talún go rialta, corr an Mail bánbhuí ag gobadh amach as póca a chóta mór