Ní raibh amhras ar bith orm ach go raibh sé marbh tar éis dom an cárta a léamh. Chuir sé sin stop le mo ghiodam, rud a bhain geit bheag asam. Murach go raibh sé básaithe, rachainn isteach sa tseomra beag dorcha ar chúl an tsiopa, áit a mbeadh sé ina shuí cois tine romham agus é nach mór plúchta ag a chóta mór. B’fhéidir go mbeadh paicéad High Toast faighte agam ó m’aint le tabhairt dó. Mhúsclódh an bronntanas seo é dá thámh mharbhánta codlata. Ba mise a d’fholmhaíodh an paicéad isteach in a bhocsa dubh snaoise, mar bhí an oiread creatháin ina láimh aigesean is go ndoirtfeadh sé a leath dhe ar an urlár dá ndéanadh seisean é. Go fiú nuair a chuireadh sé a lámh mhór chreathach lena shróin, shileadh néalta beaga deataigh trína mhéaracha anuas ar a chóta. B'fhéidir gurbh iad na ceathanna síoraí snaoise seo ba chúis leis an chuma ghlas theilgthe ar a sheanfheisteas sagairt, mar ba bheag an éifeacht a raibh ag a chiarsúr dearg lena shíleadh sé na gráinní a scuabadh uaidh, agus an ciarsúr céanna dubhaithe ag an tsnaois i gcónaí.
Bhí fonn orm dul isteach agus amharc air ach ní raibh sé de mhisneach agam cnagadh ar an doras. D’imíos liom ar an taobh grianmhar den tsráid agus mé ag léamh na bhfógraí dráma i bhfuinneoga na siopaí feadh an bhealaigh. Ba ait liom nach raibh mise ná an lá féin faoi bhrón agus chuir sé cantal orm tabhairt faoi deara go rabhas go fiú amháin ag blaiseadh na saoirse, mar a mbeinn fuascailte ó rud éigean mar thoradh ar a bhás. Bhí iontas orm faoi seo, óir faoi mar a dúirt m’uncail liom an oíche roimhe, is mór an méad a mhúin sé dhom. Bhí seal caite aige ag staidéar