Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/152

From Wikisource
This page has been proofread.

LÁ AN EIDHNEÁIN I SEOMRA AN CHOISTE[1]


Rácáil Sean-Jack na cnámhóga le chéile le giota cairtchláir, gur spréigh go cáiréiseach ar an chruinneagán guail a bhí ag dul i leith na báine. Ar gclúdach an chruinneagáin ar éigean le screamh cnámhóg dó, shlog an dorchadas é ach, ar gcromadh a shéideadh na tine arís eile dhó, dhreap a scáil an balla laistiar de agus tháinig a aghaidh chun solais arís de réir a chéile. Ba aghaidh seanfhir í, í cnámhach ribeach amach is amach. Chaochadar an dá shúil thais ghorm ar an tine agus thit an béal tais ar leathadh anois is arís, agus chogain go meicniúil nuair a dhún sé uair nó dhó. Nuair a lasadar na cnámhóga, leag sé an píosa cairtchláir i gcoinne an bhalla, gur lig osna agus dúirt:

“Tá sé níos fearr anois, a Mhister O’Connor.”

An t-Uasal Uí Conchobhair, stócach liath, ar chuir an iomad balscóidí agus goiríní a dhreach ó dhealramh, bhí tar éis rolladh toitín ach scaoil a ealaíon go smaointeach nuair a cuireadh araoid air. Ansin thosaigh a rolladh arís go smaointeach agus tar éis nóiméad machnaimh, thogair an páipéar a fhliuchadh.

“An ndúirt Mister Tierney cathain a fhillfidh?” a d’fhiafraigh de ghlór phiachánach cuaiche.

“Ní dúirt.”

  1. An Céad-Domhnach i ndiaidh 6 Mheán Fómhair. Lá cuimhneacháin ar bhás Charles Stewart Parnell (1846-91). Chaith lucht na sochraide craobhóga eidhneáin mar chomhartha comhair agus cairdis le bean Chorcach a sheol fleasc cumha den phlanda céanna agus a dúirt gurbh é sin an ofráil ab fhearr dá raibh d'acmhainn aici.