Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/160

From Wikisource
This page has been proofread.

ceachtar díobh Mr Henchy ná a seanfhear dada ach, agus an doras ag dúnadh, Mr O’Connor, a bhí ag stánadh go dúnárasach ar an tine roimhe sin, ghlaoigh go tobann air”

“’Bye, Joe.”

D’fhan Mr Henchy cúpla nóiméad sular chlaon a cheann ar an doras.

“Insighí dhom,” ar sé ón taobh eile den tine, “cad a sheolas ár gcara anseo? Céard atá uaidh?”

“Muise, Joe bocht!” a deir Mr O’Connor, ag caitheamh a thoitín sa tine dhó, “tá sé ar an ghannchuid, fearacht gach aon duine eile againn.”

Rinne Mr Henchy cáithíl fhada gur chaith an oiread seile sa tine gur dhóbair nár mhúch an tine, a lig siosarnach fhraochta aisti.

“Déanta na fírinne”, ar sé, “is é mo bharúil gur fear ón taobh eile é. Brathadóir Colgan, dar liomsa. ‘Buail isteach chucu agus déan iarracht fáil amach cad é mar atá ag éirí leo. Ní bheid in amhras ort.’ An dtuigeann sibh?”

“Á, is duine gnaíúil é Joe bocht,” ar Mr O’Connor.

“Ba dhuine gnaíúil cóir a athair,” a d’admhaigh Mr Henchy. “Sean-Larry Hynes bocht! Is iomaí soilíos a rinne do dhuine lena ré! Ach is oth liom a rá nach ór naoi gcarat déag ár gcara. Go deimhin féin, tuigim duine a bheith gan cianóg rua, ach is é an rud nach dtuigim, súdaireacht. Nach bhféadfadh é féin a iompar mar a dhéanfadh fear?”

“Ní chuirimse céad míle fáilte roimhe nuair a thagas,” ar an seanfhear. “Oibríodh sé dá