Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/171

From Wikisource
This page has been proofread.

“Is éard is ciall leis agam,” ar Mr Lyons, “tá idéalaithe againn. Cén fáth an gcuirfimis fáilte roimh fhear mar sin? An gceapair anois, tar éis a rinneamar, gur cheannaire feiliúnach é Parnell orainn?[1] Agus cén fáth, mar sin an bhfáilteoimis roimh Edward VII anois?”

“Seo lá cuimhneacháin Parnell,” ar Mr O’Connor, “agus ná músclaímis faltanas. Tá meas ag an uile dhuine anois air ó tá sé marbh agus curtha – go fiú ag na coimeádaigh,” a dúirt sé, ag casadh i dtreo Mr Crofton dó.

Pac! Phreab an corc déanach as buidéal Mr Crofton. D’éirigh an Croftonach dá bhocsa agus chuaigh anonn don tine. Arna theacht ar ais dó, dúirt de dhorghlór:

“Tá meas ag ár dtaobh-sa den tigh air, mar gur dhuine uasal é.”

“Is fíor duit, Crofton!” a dúirt an t-Aonghusach go díocasach. Eisean an t-aon fhear a raibh i gcumas bhaint cirt as an mhála cat sin. ‘Síos as sin, a mhaistíní! Luíghí fúibh, a scraimínigh!’ Sin an dóigh a chaith sé leo. Tar isteach, Joe! Tar isteach a ghlaoigh sé, ar feiceáil Mr Hynes sa doras.

Tháinig Mr Hynes isteach go mall.

“Oscail buidéal eile pórtair, Joe,” ar Mr Henchy. Ó, mo dhearmad, níl corcscriú againn! Gabh anseo, tabhair ceann díobh dhomh go gcuirfead ag an tine é.”

Thug an seanfhear buidéal eile dhó gur chuir seisean ar an iarta é.

“Buail fút, Joe,” a dúirt Mr O’Connor, “anois díreach a bhíomar ag plé an Cheannasaí.”

  1. gur cheannaire feiliúnach é Parnell orainn?: Thug formhór na ndaoine droim láimhe do Parnell nuair a fritheadh amach faoina chaidreamh fada le Catherine O’Shea agus í pósta le fear eile le linn an ama sin.