“Á, James bocht’, a dúirt sí. Ag Dia atá a fhios go ndearnamar ár ndícheall agus a bhoichte is atáimid - níor mhaith linn go mbeadh díth ar bith air a fhad is bhí sé ar an tsaol seo abhus.”
Bhí Nannie tar éis a cinn a ligean ar philiúr an tolg agus gach dealramh uirthi go raibh sí ag titim ina codladh.
“Nannie, an créatúr,” ar Eliza agus í ag amhairc uirthi, “tá sí traochta. An tiaráil ar fad a bhí orainn beirt, ag fostú mná chun a níocháin agus ansin bhí sé le fáil faoi réir agus ansin bhí scéal na cónra ann agus b’éigean dúinn an tAifreann a shocrú sa tséipéal. Murach Father O’Rourke níl a fhios agam céard a dhéanfaimis. Is eisean a rug na bláthanna go léir seo chuig an teach, chomh maith leis an dá choinnleoir seo ón tséipéal. Is eisean a scríobh an fógra sa Freeman’s General[1] agus a réitigh na cáipéisí reilige mar aon le hárachas James boicht.”
“Nárbh mhaith uaidh é sin?,” ar m’aint.
Dhún Eliza a súile agus chroith a ceann go mall.
“Níl cara ar bith ionchurtha le seanchairde,” ar sí, “i ndeireadh na dála is iad na seanchairde amháin a dtig leat do mhuinín a chur iontu.”
“Is fíor duit,” ar m’aint. “Agus anois agus é ar shlí na fírinne, táim cinnte nach ndéanfaidh sé dearmad ar do chineáltais leis.”
“Á, James bocht,” a deir Eliza. “Ba bheag an dua a chuir sé orainn. Ní chloisfeá sa tigh é ach oiread le anois féin. Ar a shon sin is uile, tá a fhios agam go bhfuil sé imithe uainn chuig…”
- ↑ Freeman’s Journal a bhí i gceist ag Eliza. Níos faide anonn sa scéal, deir sí ‘pneumatic’ in áit ‘rheumatic’. Maidir leis an Freeman’s General, déantar roinnt mhaith tagartha don nuachtán áirithe seo agus don chlann ar leis é sa chnuasach gearrscéalta seo, go háirithe i Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste, i Grásta agus i Na Mairbh. Tá fonótaí mínithe níos faide curtha othu siúd. Ní mhaireann an nuachtán seo níos mó (cheannaigh an Irish Independant é)