póca agus stán ar an tinteán folamh gan focal aisti ar feadh achair fada.
“Bhí sé riamh róchonsiasach, a dúirt sí. Sháraigh dualgais na sagartachta air. Ansin, d’fhéadfá rá gur tháinig an saol salach air.”
“Tuigim,” ar m’aint. “Ba fhear é a raibh díomá air. Ba léir sin.”
Neadaigh ciúnas sa tseomra agus, faoi choim an chiúnais seo, chuas i leith an tábla a bhlaiseadh mo sheirise agus ansin d’fhilleas go ciúin ar mo shuíochán sa chúinne. Bhí an chosúlacht ar Eliza go raibh sí go domhan sa mhachnamh. D’fhanamar go hurramach leis an uainn a bhrisfeadh sí an tost: agus i ndiaidh ciúnais fada, deir sí:
“An chailís sin a bhris sé… ba é sin an tús. Ar ndóigh, deirid nach ndearnadh aon dochar. Is é sin, nach raibh aon cheo istigh inti. Ach mar sin féin… Deirid gur ar an bhuachaill a bhí an locht. Ach bhí James bocht chomh neirbhíseach, go ndéana Dia trócaire air!”
“Agus arb é sin é?” a deir m’aint. “Chualas rud éigean…”
Sméid Eliza a ceann.
“Chuaigh sé sin faoin intinn aige,” a deir sí. “I ndiaidh na heachtra sin, thosaigh sé ag fálróid thart ina chadhan aonraic, gan labhairt leis an duine beo. Is amhlaidh go raibh sé ag teastáil oíche amháin le dul ar cuairt tí ach níor fhéadadar teacht air. Chuadar ar a lorg i ngach uile áit ach fós ní raibh tásc ná tuairisc air. Ansin mhol an cléireach dóibh an séipéal a chuardach. Fuaireadar na