Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/233

From Wikisource
This page has been proofread.

searbh an chailín. Chuir sé smúit air agus chóirigh sé a chufaí is cuachóg a charbhait in iarracht a ruaigthe. Ansin bhain duilleog bheag páipéir dá phóca veiste gur chaith súil ar na teideil a scríobh síos dá óráid. Bhí fós idir dhá chomhairle faoi na línte as Robert Browning mar bhí faitíos air nach mbeadh aithne ag a lucht éisteachta orthu. B'fhearr dó focal a n-aithneoidís as Shakepeare nó as na Melodies a lua.[1] Mheabhraigh claicearnach thútach sál na bhfear agus scuabadh bonn a mbróg dó gur dhifriúil a ngrád oiliúna siúd óna oiliúint féin. Ceann a dhéanamh dhe féin, sin an t-aon toradh a bheadh ar thabhairt filíochta nach dtuigfidís. Cheapfaidís go raibh sé ag déanamh gaisce dá hoideas. Shuífeadh an dabhach air leo faoi mar a teipeadh air leis an chailín sa chuile. Do chuir sé an blas mícheart ar a óráid. Ba bhotúin í ó thús deireadh, ba chliseadh iomlán í.

Leis sin tháinig a ainteanna agus a bhean ó sheomra feistis na mban. Beirt sheanbhan bheag gléasta i n-éadaí gan scléip ab iad a ainteanna. Bhí Aunt Julia tuairim is orlach níos airde. Bhí a gruaig tarraingthe siar go híseal thar bharr a cluas. Bhí gruaig liath uirthi. Liath freisin, chomh maith le scáthanna níos dorcha, an lí in a haghaidh mhór shleabhctha. Cé go raibh sí tathagach ceartseasmhach, a súile liosta agus an béal beagán ar oscailt aici, chuireadar an chuma uirthi gur bhean nach fios di cá raibh sí nó cá raibh a triall. Bhí Aunt Kate níos beoga. A haghaidh, a bhí níos sláintiúla ná aghaidh a deirféar, bhí lán de roic, ar nós

  1. Na Melodies: Irish Melodies le Thomas Moore (1779-1852). Amhráin náisiúnacha sách maoithneacha a bhí go mór san fhaisean ag an am agus foinn cheoil a dhéanas athshamhlú ar sheanfhoinn thraidisiúnta Éireannacha.