Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/237

From Wikisource
This page has been proofread.

“Gabh síos, Gabriel, maith an fear, féachaint an bhfuil sé ceart go leor, agus ná lig suas é má tá caochta. Táim cinnte go bhfuil sé caochta. Táim cinnte go bhfuil.”

Chuaigh Gabriel anonn chuig an staighre agus chuir cluas ar féin ag na balastair. Chuala sé beirt ag comhrá sa chuile. Ansin d’aithin sé gáire Freddy Malins. Chuaigh síos staighre go trostúil.

“Is é grá Dia dhúinn,” a dúirt Aunt Kate le Mrs Conroy, “Gabriel anseo. Maolaíonn m’imní nuair a bhíos seiseann anseo... Julia, sin Miss Daly thall agus tógfaidh Miss Powers deoch. Go raibh maith agat as do válsa álainn, Miss Daly. Ba dheas an t-am is an luas aige.”

Fear ard crón rocach le croiméal ramhar bricliath aige a bhí ag dul thar bráid lena chéile damhsa, dúirt:

“Agus an dtabharfá deoch dúinne chomh maith, Miss Morkan?”

“Julia,” ar Aunt Kate go giorraisc, “agus seo Mr Browne agus Miss Furlong. Tabhair isteach iad, Julia, in éineacht le Miss Daly agus Miss Power.”

“Mise muirnín na mban,” a dúirt Mr Browne agus leath strainc gáire ar a aghaidh rocach gur tháinig colg ina chroiméal. “An bhfuil a fhios agat, Miss Morkan, an fáth go bhfuilid ar fad chomh ceanúil sin orm ná -”

Níor chríochnaigh a abairt ach, iar bhfeiceáil dó go raibh Aunt Kate as éisteacht, thug an triúir ban óg don chúlseomra ar an toirt. Sheas dhá thábla cearnógacha taobh le taobh sa tseomra láir a raibh Aunt Julia