Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/242

From Wikisource
This page has been proofread.

an gloine anuas gan blaiseadh aisti agus an leacht ag sceitheadh gach aon áit gur chuimil a dhorn clé siar is aniar ina shúil clé agus é ag dul siar arís ar fhocail as a abairt dheireanach tríd a racht gáire.

______________________________________


Chuir an píosa ceoil ón Acadamh a bhí Mary Jane ag seinm, chuir samhnas ar Gabriel.

Ní ligfeadh an samhnas do Gabriel cluas a thabhairt ar an aiste ceoil ón Acadamh a bhí Mary Jane ag seinm don lucht faoi thost sa tseomra caidrimh, arbh aiste ceoil í a bhí lán de frasa agus de míreanna casta. Thaitin ceol leis ach níor cheolmhar leis an aiste a bhí sise ag seinm agus níor dhóigh leis gur cheolmhar le duine ar bith eile dá lucht éisteachta, cé gur thathantaíodar ar Mary Jane seinm ceoil. Ceathrar fhear óg a tháinig sa doras ó sheomra na sólaistí a éisteacht le fuaim an phianó, d’éalaíodar ina mbeirteanna tar éis cúpla nóiméad. Ba dhóigh nár thug duine ar bith aird ar an cheol ach amháin Mary Jane féin, a raibh a lámha ag rince suas síos an méarchlár nó crochta os a chionn ag stadanna mar a bheadh méaracha bansagart i mbun ortha, agus Aunt Kate a sheas ina haice a iompú na leathanach.

Súile Gabriel, a bhí á ndalladh ag loinnir an urláir snasta faoin chrann mór solais, lonnaíodar ar an chuid den bhalla os cionn an phianó. Crochta ansin bhí canbhás de radharc na balcóine i Romeo and Juliet agus canbhás den bheirt phrionsa a dúnmharaíodh sa Túr[1] ar oibrigh Aunt Julia in olanna dearga, gorma agus donna nuair a bhí ina girseach. Is dóigh gur múineadh an sórt seo ceirde bliain amháin sa scoil ar fhreastalaíodar uirthi agus iad ina ngirseacha. Chniotáil a mháthair

  1. beirt phrionsa... sa Túr: Túr Londan. Meastar gur tachtadh mic Éadbhard IV ann timpeall 1483. Rinne go leor canbhás den bheirt seo sna blianta 1800. Níl dóthain fianaise ann a chruthódh conas a maraíodh iad agus cé ba chiontach lena mbás, ach is cinnte gur réitigh a mbás teacht i gcoróin a n-uncail, Richard III.