Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/248

From Wikisource
This page has been proofread.

ina glór mar a bhí i nglór a mic agus bhí stad beag inti. Dúradh léi go raibh Freddy ann agus go raibh bail shásúil go leor air. D’fhiafraigh Gabriel di an raibh turas réidh thar muir anall aici. Bhí sí ina cónaí in aontíos lena hiníon agus lena fear siúd i nGlaschú agus thagadh ar cuairt go hÁth Cliath uair sa bhliain. D’fhreagair sí go leamh go raibh turas álainn aici agus gur thug an captaen aire na huibhe dhi. Labhair faoin tigh álainn ag a hiníon i nGlaschú freisin, agus faoin iomad cairde a bhí acu ansin. Agus í ag salmaireacht léi, rinne Gabriel iarracht an chuimhne ghránna ar fad den eachtra le Miss Ivors a chur as a chionn. Ar ndóigh, ba dhíograiseoir an bhean, nó an cailín, pé dhíobh í, ach níorbh am ná tráth na díograise seo. B’fhéidir nár chóir dó freagra mar sin a thabhairt uirthi. Ach ní raibh sé de cheart aici Séan Buí a chur air os comhair an tsaoil, go fiú ar son grinn. Thriall sí ceap magaidh a dhéanmh dhe i súile na ndaoine, trí cheastóireacht agus trí chur a súl coinín tríd.

Chonaic sé a bhean ag déanamh air trí na cúplaí damhsóirí. Iar dteacht ina láthair di chuir cogar ina chluais:

“Gabriel, d’fhiafraigh Aunt Kate díom nach ngearrfair an ghé mar is iondúil leat. Gearrfaidh Miss Daly an liamhás agus tabharfadsa faoin mharóg.

“Tá go maith,” ar Gabriel.

“Cuirfidh sí an cúigear malrach chun boird ar dtús a thúisce is a bheas an válsa seo thart sa dóigh go mbeidh an tábla againn féin.”

“Ar dhamhsaís?” a d’fhiafraigh Gabriel.