Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/255

From Wikisource
This page has been proofread.

“Arú, bhainis, geallaim duit,” ar Miss Ivors, “ach caithfir mo ligean chun bealaigh anois.”

“Ach conas a bhainfir an baile amach?” a d’iarr Mrs Conroy

“Ó, níl sé ach dhá choiscéim suas an ché.”

Rinne Gabriel dóbartaíl ar feadh nóiméid go ndúirt:

“Má ligfir dom, Miss Ivors, tabharfad abhaile thú más amhlaidh go bhfuil ort imeacht.”

Dhealaigh Miss Ivors leo áfach.

“Ní ligfead,” ar sí go tréan. “As ucht Dé téighí isteach do bhur bproinn agus ná buairighí bhur gceann fúmsa. Táim breá ábalta déanamh as dom féin.”

“Go deimhin, is barrúil an cailín tusa, Molly,” a dúirt Mrs Conroy amach.

“Beannacht libh,” a ghlaoigh Miss Ivors [as Gaeilic] thar a gualainn le gáire agus í ag rith síos an staighre.

Lean Mary Jane í dá súile agus dreach uascánta uirthi, agus luigh Mrs Conroy amach ar an ráille a éisteacht le doras an halla. N’fheadair Gabriel arbh é féin ba chionsiocair lena himeacht gan choinne. Ach ní raibh cuma bhuartha uirthi: bhí sí ag gáire ag imeacht di. Stán sé go dall uaidh síos an staighre.

Seo Aunt Kate ag sodarnaíl isteach ón tseomra suipéir, ag fáscadh na lámh in éadóchas ach beag.

“Cá bhfuil Gabriel?” ar sí le práinn. “Cá bhfuil Gabriel faoin spéir? Tá gach uile dhuine ag fanacht istigh ansin ar tinneall, agus gan duine ar bith le gearradh na gé!”

“Anseo mé, Aunt Kate!” ar Gabriel