solas siar thar tailte geala na Chúig Acra Déag.
Thosaigh sé:
“A dhaoine uaisle,
“Tá dualgas an-taitneamhach orm anocht, mar a bhí sna blianta a chuaigh thart, ach tá faitíos orm nach leor mo chumas bocht mar óráidí dhó ar chor ar bith.”
“Is leor, cinnte!” a dúirt Mr Browne.
“Ach, bíodh sin mar atá, iarraim oraibh cur i suim fhonn an ghnímh seachas cur i suim an ghnímh féin, agus tabhairt cluaise dhom ar feadh chúpla nóiméad agus mé ag iarraidh churtha i bhfocail a bhfuil i mo chroí istigh ar an ócáid seo.
A dhaoine uaisle, ní seo an chéad-uair a chruinníomar le chéile faoi fhraitheacha an tí fhéil seo, timpeall an bhoird fhéil seo. Ní hí an chéad-uair a rabhamar inár n-ábhar fáilte, nó b’fhéidir go mba cirte dhom rá, a rabhamar inár n-íobartaigh fáilte, ag mnáibh uaisle áirithe.
Rinne sé comhartha ciorcail lena lámha gur thit dá thost ar feadh nóiméid. Rinne gach uile dhuine gáire faoi Aunt Kate agus Aunt Julia agus Mary Jane, nó meangadh gáire leo, gur dheargadar siúd go bun na gcluas le ríméad. Lean Gabriel air go dána:
“Is daingne mo bharúil le gach bliain a théas tharainn nach bhfuil nós ag ár dtír arb oiread onóir di agus ar cheart dúinn a chaomhnú leis an oiread sin díocais ná a flaithiúlacht. Is nós ar leith é i náisiúin ár linne de réir mo thaithí (agus tá cuid mhaith den domhan siúlta agam). Déarfadh roinnt daoine gur mó an locht orainn í ná