Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/272

From Wikisource
This page has been proofread.

Johnny! Is dochreidte an t-iompar seo! Ní thuigim an capall!”

An rachtaíl gháire a bhain geáitsíocht Gabriel astu, cuireadh isteach uirthi le cnag trom ar dhoras an halla. Rith Mary Jane soir dá oscailt gur lig Freddy Malins isteach. Bhí a hata tite i bhfad siar ar cheann Freddy Malins, bhí cruit air le fuacht agus bhí sé ag séideogacht agus gal uaidh i ndiaidh a shaothair.

“Ní bhfuaireas ach aon chab amháin,” ar sé.

“Ó, aimseoimid ceann eile ar an tslí síos an ché dhúinn,” ar Gabriel.

“Ceart aige,” a dúirt Aunt Kate. “Ná choinneoimis Mrs Malins ina seasamh faoin tsiorradh fuar seo.”

Tugadh Mrs Malins síos na céimeanna ón doras sráide lena mac agus le Mr Browne, gur sádh in airde sa chab í tar éis neart ionramhála. Dhreap Freddy Malins ina diaidh agus chaith tamaill fada dá soipriú sa chathaoir agus Mr Browne á chomhairliú a chabhrú leis. Cuireadh faoi réir í faoi dheireadh agus thairg Freddy Malins do Mr Browne dul sa chab leo. Leag an tiománaí a shúsa thar a ghlúine agus chrom síos a cheistiú an tseolta dhíobh. Méadaíodh ar an easordú agus thug Freddy Mallins agus Mr Browne treoracha éagsúla óna chéile don tiománaí, a cheann sáite amach fuinneog an chairr ag an bheirt díobh. Ba í an fhadhb, cá scaoilfí le Mr Browne ar an tslí, agus rinne Aunt Julia agus Mary Jane neart gáire agus thugadar treoracha ó leac an dorais a chuidiú leis an aighneas, treoracha a chuaigh salach ar a chéile agus a chuir