Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/274

From Wikisource
This page has been proofread.

Sheas sé i ndorchadas an halla gan corraíl ag iarraidh aithint an fhoinn atá an glór ag canadh agus é ag dearcadh aníos ar a mhnaoi. Bhí sí grásta agus diamhracht faoina hiompar mar a bheadh sí ina samhailchomhartha ar rud éigin. Ceistíonn sé dhe féin céard is samhail de mhnaoi ina seasamh sa dorchadas ar staighre agus í ag éisteacht le ceol i gcéin. Dá mba péintéir é dhéanfadh canbhás di agus an ghoic sin uirthi. A hata gorm feilte, chuirfeadh barr maise ar dhath cré-umha a cuid gruaige agus dhéanfadh paistí dorcha a gúna codarsnacht leis na paistí geala. Ciancheol a chuirfeadh sé ar an chanbhás dá mba phéintéir é.

Dúnadh an doras sráide; agus tháinig Aunt Kate, Aunt Julia agus Mary Jane aníos sa halla agus iad ag gáire i gcónaí.

Well, nach é an diabhail an Freddy sin?” a deir Mary Jane. “Is é an diabhail féin é.”

Ní deir Gabriel focal ach bagraíonn ar a mhnaoi thuas staighre lena mhéar. Anois agus an doras sráide dúnta tá an glór agus an pianó níos soiléire. Iarrann Gabriel tost orthu lena láimh. Bhí an t-amhrán den tsean-tonúlacht Éireannach, shílfeá, agus shílfeá nár tháinig na focail go héasca leis an amhránaí agus nach raibh muinín aige as a ghlór féin. An glór, a chuir an t-achar fada agus an piachán ar an amhránaí cuma chaointeach air, léirigh an fonn ar éigin le focail bróin:

Ó, titeann an bhaisteach ar m’fholt trom
Agus fliuchann an drúcht mo chneas,
Fuair é mo leanbh...