ar Mr D’Arcy, “ach ní raibh na focail agam go beacht. Cad ina thaobh? An aithnír é?”
“The Lass of Aughrim,” ar sí in athuair. “Dhearmadas an t-ainm.”
“Is deas an fonn é,” a dúirt Mary Jane. “Is trua liom nach raibh do ghlór agat anocht.”
“Anois, Mary Jane,” a dúirt Aunt Kate, “ná cuir olc Mr D’Arcy. Ní ligfead a bhuaireamh d’aon duine.”
Ag feiceáil di go raibh gach uile dhuine ar tí bainte amach, stiúir sí don dorus iad, agus d’fhágadar ceiliúradh dá chéile.
“Sea, oíche mhaith agat, Aunt Kate, agus go raibh maith agat as airneán taitneamhach.”
“Oíche mhaith, Gabriel. Oíche mhaith, Gretta!”
“Oíche mhaith, Aunt Kate, agus go raibh míle maith agat. Oíche mhaith, Aunt Julia.”
“Ó, oíche mhaith, Gretta, níor fhacas thú.”
“Oíche mhaith, Mr D’Arcy. Oíche mhaith, Miss O’Callaghan.”
“Oíche mhaith, Miss Morkan.”
“Oíche mhaith, arís.”
“Oíche mhaith agaibh uile. Slán abhaile.”
“Oíche mhaith. Oíche mhaith.”
Bhí an mhaidin fós ina hoíche. Bhí fáinne tláith solais buí os cionn na dtithe agus na habhann; shílfeá go raibh an spéir ag ísliú. Bhí greallach sneachta faoi chois; agus ní raibh ach stríoca agus paistí sneachta ar na díonta, ar uchtbhallaí na cé agus ar ráillí na bhfoirgneamh. Chaith na lampaí a solas dearg ar an aeir modartha i gcónaí, agus, trasna na habhann, thaibhsigh pálás Theach na Cúirte go bagrach ag bun na spéire troime.