Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/291

From Wikisource
This page has been proofread.

sóláis di, agus ní aimseodh ach ceanna gan brí gan dealramh. Sea go deimhin: tharlódh sin gan mhoill.

Mhothaigh sé fuacht aer an tseomra ina ghuaillí. Théaltaigh sé go mall cáiréiseach faoi bhraillíní na leapan go raibh sé sínte in aice lena bhean. Duine i ndiaidh duine bhíodar uile ag iompú ina scáthanna. Dul sa tsaol eile le gaisce agus le crógacht, faoi lán-ghlór corraíola éigin, ba níos fearr sin ná dul i léig agus i laige le haois. Smaoinigh sé faoin mhnaoi sin, taobh leis, a choinnigh ina rún ina croí istigh íomhá sin shúile shearc a croí agus é ag insint di nach mian leis fanacht ina bheatha.

Líon súile Gabriél le deora móra groí. Níor mhothaigh sé mar sin faoi mhnaoi ar bith é féin riamh ach thuig nár fholáir nó gur ghrá a leithéid sin de mhothúchán. Chruinnigh na deora go fras i súile Gabriéil agus sa bhreacdhorcadas facthas dó cruth an fhir óig ina sheasamh faoin chrann bháite. Bhí scáthanna eile i ngaire dhó. Bhí a anam druidte leis an áit sin ina gcónaíd sluaite na marbh. Shamhlaidh sé, ach níor thuig, a bhfoirmeacha luaineacha ghuagacha. Bhí a thuiscint ar cé hé féin ag sleamhnú uaidh don domhain dofheicthe dothuigthe: an domhain réal féin inar mhaireadar agus inar thógadar clann, bhí sé ag leá is ag laghdú uaidh.

Tharraing buailtí beaga ar an fhuinneog a aird. Do thosaigh sé ag cur sneachta arís. Dhearc sé go codlatach ar na calóga ar a gclaoin-titim, iad dorcha nó ar dhath an airgid faoi sholas an lampa sráide. Bhí sé i dtráth dhó dul ar a thuras siar. Sea, bhí an ceart ag na páipéir nuaíochta: