Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/40

From Wikisource
This page has been proofread.

léi faoin ghrá aimhréidh a bhí agam di. Ach ba ionann le cruit é mo chorp agus ba ionann le méara ag rith ar na téada iad cora agus focail aisti.

Tús oíche amháin, chuas isteach sa tseomra suí ina bhfuair an sagart bás. Ba oíche fhliuch dhorcha í agus ní raibh fuaim le cloisteáil sa tigh. Trí cheann de na pánaí briste fuinneoige, chualas an bháisteach ag teagmháil leis an talamh: na snáthaidí caola síoraí ag súgradh sna ceapacha báite. Bhí solas ag teacht as lóchrann nó fuinneog éigean i bhfad uaim. Bhíos buíoch de nach léir dom mórán sa dorchadas. Samhlaíodh dhom go raibh mo chéadfaí go léir ag iarraidh dul faoi scáth. Agus faitíos orm go raibh mé á gcailliúint, d’fháisceas bos mo dhá lámh le chéile gur ghabhadar crith, ag rá “A ghrá mo chroí!’ A ghrá mo chroí!” neart babhtaí.

Labhair sí liom sa deireadh thiar thall. An chéad-uair a chuir sí araoid orm, bhuail an oiread mearbhaill mé is nach raibh a fhios agam cén freagra ar cheart dom tabhairt uirthi. D’fhiafraigh sí dhíom an rabhas chun dula chuig Araby. Rinneas dearmad cé dhíobh ar thugas ‘tá’ nó ‘níl’ mar fheagra uirthi. Basár iontach a bheadh ann, a deir sí; b’aoibhinn léi dul ann.

“Agus cén fáth nach dtig leat?” a d’fhiafraíos di.

Fad a labhair sí, chas sí braisléad airgid timpeall a rosta arís agus arís eile. Ní fhéadfadh sí dul ann, ar sí, mar go mbeadh cúrsa spioradálta ar siúil in a clochar an tseachtain sin. Bhí a deartháir agus beirt bhuachaillí eile ag troid faoina gcaipín agus bhí mise liom féin ag an ráille. Bhí greim láimhe aici ar cheann de na spící. An solas ón lampa os comhair ár dorais, lonnaigh ar chuas bán a muiníl agus shoilsigh sé a cuid gruaige a bhí ina luí anuas air.