Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/46

From Wikisource
This page has been proofread.

EVELINE

SHUIGH SÍ AG AN FHUINNEOG ag amhairc ar ionradh an chontrátha ar an aibhinne. Bhí a ceann ag baint taca as cuirtín na fuinneoige agus bhí boladh an cretonne deannachúil i bpoill a sróine. Bhí tuirse uirthi.

Is beag duine a chuaigh thar an teach. Chuaigh fear den tigh deiridh thairsti ar a bhealach abhaile; chuala sí a choiscéimeanna ag trup-trap ar an chosán suiminte agus ansin ag cnagarnach ar an chosán gairbhéil os comhair na dtithe nua rua. Bhí páirc ansin tráth ina mbídís ag súgradh le páistí daoine eile gach tráthnóna. Ansin cheannaigh fear as Béal Feirste an pháirc agus thóg tithe uirthi – murab ionann agus a dtithe beaga donna féin, ba thithe le brící geala agus le cinn shnasta iad. Dhéanadh páistí an aibhinne spraoi le chéile sa pháirc siúd – na Devines, na Waters, na Dunns, Keogh beag a bhí ina bhacach, ise agus a deartháireacha agus a deirfiúracha. Ní bhíodh Ernest ag súgradh riamh áfach: bhí sé rómhór. Chuireadh a athair an ruaig abhaile orthu amach as an pháirc lena bhata draighin; ach de ghnáth dhéanadh Keogh beag faire agus fógraíodh nuair a fheiceadh sé a hathair ag teacht. Mar sin féin, ba chosúil go rabhadar sona go leor ag an am. Ní raibh a hathair chomh dona ansin; thairis sin, bhí a máthair beo. Ba i bhfad ó shin é sin; bhí sise agus a deartháireacha agus deirfiúracha fásta suas anois; bhí a máthair marbh. Bhí Tizzie Dunn marbh freisin, agus d’fhill na Waters ar Shacsana.