go raibh stócach aici agus ansin mhéadaigh a cion air. Bhí scéalta aige faoi thíortha i bhfad i gcéin. Thosaigh sé amach mar mhairnéalach boird ag saothrú puint in aghaidh na míosa ar long den Chomhlacht Allan ar an turas go Ceanada. Ríomh sé ainmneacha na long ar a raibh sé agus ainmneacha na seirbhísí éagsúla. Bhí Caolas Magellan seolta aige agus d’eachtraigh sé scéalta dhi faoi na Patagónaigh fíochmhaire. Bhí a chóta bán déanta ón ló a tháinig sé go Buenas Aires, a dúirt sé, agus ní raibh ina theacht anall dá thír dúchais ach turas laethanta saoire. Ar ndóigh, fuair a hathair amach faoin chaidreamh agus chuir cosc uirthi labhairt leis níos mó.
“Tá aithne agam ar dhream na mairnéalach,” a dúirt sé.
Chuir sé aighneas ar Frank lá amháin agus b'éigean di bualadh lena grá geal faoi cheilt as sin amach.
D’éirigh an oíche níos dorcha san aibhinne. Is ar éigean a d’fheicfeá an dá litir bán in a hucht. Bhí ceann amháin díobh do Harry agus bhí an ceann eile dá hathair. Ba é Ernest a bhí ina cheanán aici riamh ach bhí bá aici le Harry chomh maith. Bhí sé tugtha faoi deara aici go raibh a hathair ag dul in aois le deireanas; d’aireodh sé uaidh í. D’fhéadfadh sé bheith an-deas ar uairibh. Go gairid roimhe sin, nuair b’éigean dise tabhairt faoin leaba ar feadh lae, léigh sé scéal taibhse dhi agus réitigh tósta dhi os comhair na tine. Lá eile, nuair a bhí a máthair fós beo, chuadar go barr Bhinn Éadair le haghaidh chóisr faoin aer. Chuimhnigh sí ar a hathair ag cur chaidhp a máthar air féin a bhaint gáire as na páistí.
Bheadh an t-am istigh mura mbogadh sí, ach d’fhan sí ansin ina suí ag an fhuinneog, ag ligean a cinn anuas ar an chuirtín agus ag baint lán a sróine de bholadh an chreiteoin dheannachúil.