Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/85

From Wikisource
This page has been proofread.

clú áirithe air féin. Chonacthas dó gur bualadh bob air. Shamhlaigh sé a chairde ag caint faoin eachtra agus ag gáire fúithi. Bhí sí ábhairín comónta; scaití dúirt sí “I seen” agus “If I had’ve known.” Ach nach cuma faoin ghramadach dá mbeadh sé i ngrá léi dáiríre? Níor léir dó cé dhíobh ar cheart dó bheith buíoch dhí nó ar buille léi mar gheall ar a rinne sí. Ar ndóigh, bhí a pháirt féin ann. Is éard a dúirt a nádúr is a dhúchas leis, fanacht saor, gan dul faoi fháinne an phósta. Bíonn do chosa nite a thúisce is a phósair, a deir a chroí.

Chnag sí ar an doras gur chuaigh isteach fad a bhí seisean ina shuí in éadóchas faoi léine agus faoi bhrístí ar chiumhais na leapan. D’eachtraigh sí an tiomlán dó, gur admhaigh sí gach uile rud dá máthair agus go labhródh a máthair leisean an mhaidin sin. Bhris a gol uirthi agus chaith sí a lámha timpeall ar a mhuineál, ag rá:

“Ó Bob! Bob! Céard a dhéanfad? Céard a dhéanfad ar chor ar bith?”

Chuirfeadh sí lámh ina bás féin, a deir sí.

Rinne sé tláithínteacht léi go lagmhisneach, ag rá léi gan bheith ag gol, go mbeadh gach aon rud togh, nach raibh aon chúis imní dhi. Mhothaigh sé crith a brollaigh tríd a léine.

Ní airsean ar fad an locht faoinar tharla. Bhí cuimhne mhaith aige: cuimhne fhiosrach fhoighneach an bhaitsiléara ar an tionchar air ag an chéad-teagmháil fhánach a rinne a gúna leis, ag a hanáil, ag a méara. Ansin go déanach oíche amháin chnag sí go ciúin ar an doras agus eisean ag baint de a chuid éidí a dhul a chodladh. Is éard a bhí uaithi, athlasadh a coinnle ina sheomrasa ó tharla gur mhúch siota gaoithe í. Oíche a folctha a bhí ann. Bhí combing-jacket scaoilte