an olann ní ba réiḋe. Ḃí an sníoṁ ní b’ḟearr, mar do ḋeineaḋ sé an snáṫ do réir a ċéile ar aon raiṁ- deas, gan oiread agus aon ċasaḋ aṁáin ann ní ba ṁó ná ní ba luġa ’ná mar ba ċeart, gan sgruig ná snaiḋm air, gan caolú ná raṁrú air, aċ é go breaġ sleaṁain cóṁċaol cóṁṫéagarṫa. Ḃí áṫas mór uiṫi agus í ag féaċaint ar an obair, mar ḃí ḟios aici cad é a ḟeaḃas a ṫaiṫnfeaḋ an snáṫ leis an muintir go mba leó é, nuair a ċífidís é.
Nuair a ḃí sí tamall ag féaċaint orṫa ar an gcuma san, ṫáinig míogarnaċ uirṫi, agus ṫuit a codlaḋ uirṫi go sáṁ.
10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.
VI.
Nuar a ḋúisiġ sí as a codlaḋ, ḃí sé ’n-a lá ġeal. Ċruinniġ sí a meaḃair, agus d’ḟéaċ sí ’n-a timċeall. Ní raiḃ duine ná daonaiḋe sa tiġ aċ í fein. Ḃí an ṁórṡeisear imṫiġṫe. D’ḟéaċ sí i dtreó na leapṫan. Ní raiḃ aoinne sa leabaiḋ. D’ḟéaċ sí i dtreó na h-áite gur ċeart an ċruaċ ṁór olla ḃeiṫ ann. Ní raiḃ aon ṗioc de’n olann ann, aċ ḃí cruaċ ḃreaġ ṁór ċeirṫlíní i n-inead na h-olla. Ansan do ṫuig sí gur ḋein an ṁórṡeisear ban an obair go léir, agus nuair a ḃí an obair déanta acu gur imṫiġeadar agus isi