4
agus Albanaċ, tar a éis dó a orduġaḋ dá ċuid básairí ("murderers!") a n-airm ṫeineaḋ do ċaiṫeaḋ uaṫa, do ṫuit sé orra le lannaiḃ agus le sgeanaiḃ coṁ fraoċda feargaċ soin gurab é sgéal do ċualamar naċ ndeaċaiḋ fear aca beó uaiḋ de’n oċt gcéad soin." Ṫug na Sasanaiġ an “duḃ-Aoine” ar an Aoine sin, ní nár loċt orra.
Seal ’na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Alasdar le Feiḋlimiḋ Ruaḋ Ó Néill i n-aġaiḋ an airm Ġallda ḃí ag Sir Uilliam Stiuḃard i dTír Ċonaill, agus do ċuir Sir Uilliam ruaig agus ár mór orra i nGleann Mac Cuinn, i n-aice Ráṫa Ḃoṫ an seiseaḋ lá déag de’n Ṁeiṫeaṁ, 1642. Ní’l tuairisg ar imṫeaċaiḃ Alasdair go ceann dá ḃliaḋain d’éis na ruaige sin, gur ċuir a ṫiġearna féin .i. Iarla Aontroma le teaċtaireaċt go Baile-Áṫa-Cliaṫ é ċum Iarla Urṁuṁan. Do ċruinniġ Iarla Aontroma a ṁuintir féin idir Dál Riada agus Clann Aoḋa Buiḋe agus do ċruinniġ Máġnus Ó Caṫáin buiḋean d’ḟeariḃ na Craoiḃe. Ṫug Árd-Ċoṁairle na Confederation trí longa ḋóiḃ agus gléas cogaiḋ, agus ċuireadar ċum fairrge iad i gCuan Ṗortláirge. Ḃí Cúigeaḋ Ulaḋ aċt beag buaiḋte orra ag Sir David Leslie ṫáinig ann as Albain ó ṁuintir an Ċoiḃinint, agus sluaġ líonṁar Albanaċ aige. A naoi a ċlog ar maidin, an seaċtṁaḋ lá de’n Ṁeiṫeaṁ, 1644, is eaḋ ġluais an caḃlaċ so as Cuan Ṗortláirge. Ag taisdeal na fairrge ḋóiḃ, do ġaḃadar ḋá ṡoiġṫeaċ ḃí ag teaċt le biaḋ fá ḋéin airm na Párlamaide i gCúigeaḋ Ulaḋ, agus soiġṫeaċ eile do ḃí ag dul go hAlbain agus complaċt ṁór Albanaċ ann ḃí tar éis an Ċoiḃinint do ċroḃsgaoileaḋ i dtuaisceart na hÉireann. Níor cuireaḋ aon duine ḋíoḃ so ċum báis, siúd is gur gnáṫaċ leis na Gallaiḃ fá’n am soin an uile Éireannaċ dá ngaḃaidís ar muir do ċaiṫeaṁ gan spás san ḃfairrge.
Tráċtfam uair eile ar ġníoṁarṫaiḃ Alasdair agus a ṡluaiġ i nAlbain. Ní beag linn do’n ċor so.