57
áird-ṁeas ag Gaeḋealaiḃ go dtí an lá atá indiu ann, go mbíonn dá ṡeinm ar a ḃfleaḋaiḃ go léir.” Éist fós le hAineisleis Ó Grádaiġ ins an tagra do ċuir sé le “Tóruiġeaċt Ḋiarmuda agus Ġráinne”: “Tá cuiṁne ar ċaṫ Ċnuic na n-Os (nDos) do ḃárr puirt ṗíobaireaċta, le n-ar ṡiuḃail sluaġ Ṁic Ḋoṁnaill an lá úd. Tá toġa an eoluis air i ndeisceart na hÉireann ón ainm Máirfeáil Alasdruim .i. máirseáil nó triall Alasdair nó Alexandair."
’Sé Éamonn Bunting[1] do ċuir an port so i sgríḃinn. Deir sé ar l. ix de ċlár ainmneaċa Béarla na ḃfonn is na bport gur ó ṗíobaire i gCaṫair na Mart i gConndae Ṁuiġeo i gConnaċtaiḃ a fuair sé é. Fágann soin gur nós píobaireaċta na gConnaċtaċ atá air fá mar atá sé annso ’n-ár ndiaiḋ. Ní fios dúinn ar sgríoḃaḋ nós na Muṁan air fós riaṁ.
Ó’s ní é gur ċuir Bunting an ṁáirseáil seo i n-oireaṁaint don ṗianoforte le crónán uaiḋ féin, do ṁeasas nár ḃ’ḟearr dam rud do ḋéanfainn ná an crónán soin do ċongḃáil annso, mar gurab é an pianoforte, pé loċt atá air, an gléas ceoil is treise agus is iomláine agus is coitċinne ar biṫ.
Ár ráḋ fá ḋeoiḋ ’na leiṫ seo, gurab é an gnás a ḃí riaṁ ar bail tuireaṁ nó caoineaḋ ar an laoċ i ndeireaḋ an leaḃair ina mbíonn an stair ar a ḃeaṫaiḋ. Ní ḟuaramar aon tuireaṁ ar Alasdrom mac Colla isna leaḃraiḃ, i gcló ná i sgríḃinn, aċt cá fearr tuireaṁ do ḃeaḋ ar a leiṫéid de ṫaoiseaċ “arm-ḋearg éaċt-ṁinic” agus ar “a ṫoġa reisimeinte do Ġaoiḋealaiḃ Éireannaċ agus Albanaċ do ḃí tiúnta ar láṁaċ agus teaġṁa ar troid” ná an ṁáirseáil seo ’n-ar ndiaiḋ le n-ar ṫrialladar ċum caṫa an lá deireannaċ dá saoġal .i. lá Ċnuic na nDos?
- ↑ The Ancient Music of Ireland, l. 83 den ċeol féin agus faisnéis aige faoi ar ll. 91, 92 den ċaint.