ós cionn ann uile neithe shnamhuigheach shnámhus ar an ttalamh.
27 Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad.
28 Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cíonn eúnlaith an aéir, agus Ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
29 ¶ Agus a duibhairt Día, Féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh do bheir siol da bhfuil ar druim na talmhan, agus gach uile chrann, an a bhfuil toradh croinn do bheir síol; biáidh sé na bhíadh dhibh.
30 Agus dá gach uile bheitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sa naiéir, agus dá gach aoinní shnúámhus ar an ttalamh, ann a bhfuil anam, tug mé gach uile lubh ghlas mar bhíadh; agus do bhí mar sin.
31 Agus do chonnairc Día gach áoinní dá ndéarna sé, agus, féuch, do bhí go romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.
CAIB. II.
An seachdmhadh lá ar ná naomhughadh.
21 An pósadh ar na ordúghadh.
MAR sin do chríochnuigheadh na neamhdha águs an talamh, agus a uile.
2 Agus annsa seachdmhadh lá dochríochnuigh Día a obair noch do rinne sé; agus dó chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá ó na obair uile noch do rinne sé.
3 Agus do bheannaidh Día an seachdmhadh lá, agus do náomhuigh é, do bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair noch do chrúthaidh Día agus do rinne sé.
4 ¶ A síad so geinealaigh na neamhdha agus na talmhan a nuáir do cruthaibheadh íad, annsa ló ann ar chruthaidh an Tighearna Día an-talamh agus na neamhdha.
5 Agus gach plannda don mhachaire suil do bhí sé annsá talamh, agus gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé: óir ní thug an Tighearna Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do sháoithreóchadh an talamh.
6 Ach do chuáidh ceó súas ón dtalamh, agus do fhliuch aghaidh na talmhan uile,
7 Agus do chum an Tighearna Día an duine do luáithreadh na tamhan, agus do shéidann a phoill-sróna anál na beatha, agus táinig an duine chum bheith na anam beó.
8 ¶ Agus do phlagndungh an Tighearna Día gardhadh táobh shoir ann Eden; agus do chuir sé an duine do chum sé ann sin.
9 Agus ar an ttalamh do thug an Tighearna Día ar gach uile chrann fás noch is taitneamhach don tsúil agus is maith chum bídh; crann na beatha mar an ccéudna a lár an ghairdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc.
10 ¶ Agus do chuáidh abhann amach as Eden do fhliuchadh an gháirdín agus do roineadh as sin í, agus tainig ná ceithre ceannuibh.
11 Ainm an chead Pison, a sí sin thig timchioll thíre Habhila uile, áit a bfuil ór,
12 Agus is maith ór na tíresin; atá an bdellium, agus an chloch ónix.
13 Agus an dara habhann Gihon, isí sin thimchiollus tír na Hétiópia uile
14 Agus ainm an treas abhann Hidecel, a sí sin theid a táoibh shoir don Asiria. Agus an ceathramhadh abhann Euphrátes.
15 ¶ Agus do ghlac an Tighearna Día an duine, agus do chuir a ngáirdín Eden é, dá dheasúghfadh agus dá chumhdach.
16 Agus do aithin an Tighearna Día don duine, ag rádh. Do thoradh gach uile chrainn annsa gháirdín féaduigh tú dithche go saor:
17 Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc, ní íosaidh tú dhe sin: óir annsa ló a níosa tú dhe éugfa tú go deimhin.
18 Agus do ráidh an Tighearna Día, Ní maith an duine bheith na áonar: do dhéuna mé cunghnamh dhó bhías iomchúbhaidh dhó.
19 Agus as a ttalamh do chum an Tighearna Día a nuile bheitheach an mhachaire, agus gach uile éun an aéir, agus tug leis chum Adhaimh íad, dá fhéuchuin cread do ghoirfeadh sé dhíobh; agus gidh bé do ghoir Adhamh don uile chréatúir beó, a sé sin dob ainm dhó.
20 Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire; ach do Adhamh ní fríth cunghnamh iomcubhuidh dhó.
21 Agus tug an Tighearna Día codhladh trom do thuitim ar Adhamh, agus do choduil sé: agus do ghlac sé áon dá asnaibh, agus do dhruid sé an fheóil na áit sin;
22 Agus an tasna, do bhean an Tighearna Día as an duine, do chum sé bean de, agus tug sé chum an duine í.
23 Agus a dubhairt Adhamh, A nois is cnáimh so dom chnámhuibhse, agus feóil dom fheóil; goirfighear bean di, do chionn gurab as an bhfear do beanadh í.
24 Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh dhá mhnáoi; agus beid na naóin fheóil.