Ḃí Mac Conglinne ann. Do stad sé ar feaḋ tamaill ag éisteaċt leis an meilt. Ḃí sé sa taoḃ ṫall de’n tseómra ar aġaiḋ Ċaṫail anonn. I gceann tamaill do ċrom sé ar ḟoṫraṁ a ḋéanaṁ le n-a ḃéal féin, ag aiṫris ar an meilt a ḃí ag Caṫal ’á ḋéanaṁ ag cogaint na n-uḃall. Ag blasaċtaiġ, nó ag fáscogaint, a ṫugan an seana leaḃar ar an rud a ḃí ag Mac Conglinne ḋ’á ḋéanaṁ. Ḃí an ċuideaċta ag faire, agus iad ag gáiriḋe fé n-a n-anál, feuċaint cad a ḋéanfaḋ Caṫal nuair a ṫaḃarfaḋ sé fé ndeara áilteóireaċt an ḟir iasaċta. Níor ċuir Caṫal aon tsuim i n-aon ċor ann. Ḃí oiread san foṫraim agá ḃéal féin ’á ḋéanaṁ nár ḟéad sé aon ḟoṫram eile ṫaḃairt fé ndeara. Ḃí cloċ ṁór ṫall i gcúinne an tseómra, cloċ go ndeintí faoḃar a ċur ar arm léi. Cloċ ṁór ṫrom ab eaḋ í, agus ḃí soc caol ar ċeann dí mar a ḃéaḋ ar inneóin. D’eiriġ Mac Conglinne agus siúd anonn é ċun na cloiċe. Ṫug sé leis í agus do ṡuiġ sé airís sa n-áit ċéadna. Ḃuail sé an ċloċ ar a ġlúin ċuige agus ṡáiḋ sé an ceann caol di ’na ḃéal. Ċrom sé ar a ḟiacla do ṁeilt i gcoinniḃ na cloiċe, mar ’ḋ eaḋ go raiḃ sé ’ġá cogaint. Seo mar adeir an seana leaḃar:-
"Iseaḋ adṁuíġid luċt eóluis agus seanóirí agus leaḃair Ċorcaiġe, ná raiḃ duine istiġ sa dún, ná i gcóṁgar an dúna lasmuiċ, nár airiġ fuaim a ḋéd i gcoinniḃ na cloiċe, bíoḋ go raiḃ an ċloċ ana ṡleaṁain."
Ṫóg Caṫal a ċeann agus d’feuċ sé ar Ṁac Cong- linne. Ċóṁ luaṫ agus ḃí a raiḃ d’uḃlaiḃ ’na ḃéal sluigiṫe aige do laḃair sé.
"Airiú, a ṁic léiġinn,” ar seisean, “cad d’imṫiġ ort, nó cad fé ndeara ḋuit ḃeiṫ as do ṁeaḃair?"
"Tá ḋá níḋ ag cur orm, a ríġ uasail,” arsa