beatha mar do bhíodh blaise na beorach age bean an amhráin le fagháil gach uair.
Do bhí an scéal mar sin nó gur tháinig an Inid agus ní raibh puinn di caithte an t‑am go raibh ór an Yank ’á chur ar fógairt. Toisc na caillighe ’á luadhachtaint liom féin agus sinn beag do buaileadh im’ aigne go mb’fhéidir go gcuirfeadh sí an scéal céadna ar bun aríst agus gan iongna ’n‑a thaobh uirthi anois. Dob’ ait sin—bean óir dar ndóigh, mná do bhí tearc go maith insan am úd.
Níor ró fhada gur thug an bhean liath de mháthair di cogar dom mháthair féin ’á chur i dtuisgint di an méid óir do bhí aige Máire, gur amach ar an dtír móir i bpaiste talmhan dob’ fhearr léi féin dul, “agus dob’ fhearr liom-sa im’ chomhgar í agus le n‑a h‑athair,” ar sise, “agus má’s maith libh-se é níl aenne ’á coimeád uaibh,” ar sise arís.
“Dhera, is amhlaidh mar tá san,” arsa mo mháthair léi, “tá an té atá againn-ne óg agus is dócha nach aon mhaith scéal mar sin a tharrac chuige, agus rud eile,” ar sise, “is é mo thuairim ná fuil aon éirim ar an áit seo aige, mar b’fhéidir ná beadh de’n ál annso ach é féin ’s a dhrifiúr. Is dócha mara mbeadh ar mhaithe linn-ne ná beadh sé ann cheana,” ar sise.
“Ar mh’anam mhuise,” arsan bhean liath, “go bhfuil dearmhad air, go mb’fhéidir go mbeadh sé tamall thall sara mbuailfeadh cailín comh maith léi siúd leis.”
Go luath insan Inid do chuir Tomás Maol de amach agus do shaothruigh lanntan ná raibh ar fónamh. Féar cúpla bó i ndroch-áit gan fuithin, gan fascadh ná cuirfeadh puinn teaspaigh ar aenne. Beagán airgid a thug sé uaidh mar is beagán a deineadh a lorg air.
An uair a bhí gach ní réidh age Tomás do thug aghaidh ar an dtigh agus do thug cuireadh chun an phósta do gach tigh do bhí insa bhaile. Níor dhein an bhean liath dearmhad ar thigh bhéal a’ dorais agus chuas ann maidir le gach duine. Bhíodh fleadh agus féasta ar gach pósadh an uair úd. Do bhí gach sórt a