Tháinig máighistir rinnce tamall ar cuaird chughainn agus do chuir sé scoil ar bun ar feadh mí. Cheithre scillinge an duine an táille. Sé áit gur shocruigh sé ann ná i seana-mhainistir an tSúip, páirt di go mbíodh scoil ar siubhal innti sa tseana-shaoghal. Bhí úrlár cláracha ann agus fuaim agus fothrom, leis, ann. Dob é sin an chuid ba mhó de’n obair do bhí ar siubhal, i dtosach aimsire, pé scéal é.
Níor mhór a chuir a n‑ainm síos an chéad lá ná do bhí i mbun díol leis. Níorbh’ fhada, áfach, go raibh breac-dhuine ag teacht ar an scoil. Duine fíor-mhaith dob’ eadh an t‑oide agus níor mhaith leis caochóg ar cóisire a dhéanamh d’aenne.
Do bhí mo cheithre scillinge thíos ’n‑a phóca aige agus má bhí níorbh’ fhada go raibh a luach agam, maidir le rinnce dho, mar sa tigh go mbíodh sé ar lóistín bhíodh sé i n‑athchumaire dom agus do bhíodh sé am mhúineadh gach uair a thagainn ’n‑a threo. Níor ró fhada go rabhas im rinnceóir iongantach, ach ar nós gach dlí eile agus indiu féin níorbh’ fhada gur ghluais an dream a chuir stop leis aenne eile a mhúineadh agus do briseadh ar an scoil rinnce san Oileán.
Tháinig duine uasal ar thurus ’on Oileán tamall tar éis an scoil rinnce a scaipeadh agus is mó sórt grinn a chuir sé ar bun. An Báiréadach dob’ ainm do. Do bhí gach sórt bídh agus dighe aige, fuar, te agus beirbhithe. Thug sé hocht mbuidéil biotáile leis agus gach sórt eile dighe maidir leis.
Níorbh’ fhios cé déarfadh an chéad amhrán do mar go raibh náire ortha nó go bhfeacadar gloine bhreagh biotáile ullamh aige le tabhairt do’n duine tosaigh adéarfadh do é. Ní raibh mórán tathaint ’á dhéanamh ar aenne fiú amháin an té ná dubhairt le seacht mbliana roime sin aon cheann ná iad ábalta air. An scéal céadna ag an rinnce é agus do bhíodh a ghloine ag an bportaire comh maith leo.
Bhíodh na mná críona agus na fearaibh aosta ag rinnce. Do bhínn féin leath ar meisce mar do bhíodh na mná críona