chnuic amach díom. Ar shroichstint an tighe dham, níor mhór na fearaibh do bhí le fagháil, mar do bhí gach nduine aca ’n‑a phost féin. Ní raibh sa Bhlascaod an bhliain seo ach aon bhád amháin saidhne, ach báid bheaga. Is ceann aca san do b’éigean dam a chur i bhfearas; agus beirt eile, sean-daoine, im’ theannta féin an chriú do bhí innti. Seadh, do dheineamair an bheart, mar do bhí an lá ana-bhreagh. Nuair do shroicheamair bád an tsaidhne do líonadh isteach ’on bhád beag an méid dob’ fhéidir léi do thabhairt léi; ach fós do bhí an scéal comh breallach agus do bhí riamh, mar ná raibh an saidhne folamh fós. Do bhí lán báid eile d’iasc ann. Bhí an scéal so docht go maith, toisc fearaibh do bheith gann chun báid eile do chur le chéile.
’Sé seift do deineadh ná an bád beag do bhí lán do chomáint abhaile, agus an t‑iasc do chur aisti, agus í theacht arís. Sin mar bhí. Do buaileadh cheithre mhaide uirthi, agus fear d’á stiúradh. Ní raibh sí i bhfad san am go raibh sí thar n‑ais arís. Do buaileadh isteach fén saidhne í, agus do bhí a lán go smeig ann. B’eo leis an dá bhád i n‑éineacht abhaile, agus iad síos go gunail. Maircréil Bhealtaine do b’eadh iad go raibh faid do láimhe is gach ceann aca. Dubhairt na fir aosta ná feacadar riamh aon chladach éisc ba bhreaghtha ’ná é i n‑aon tsaidhne amháin. Do lean bráca mhaith ’n‑a dhiaidh sin é: é níghe agus salann do chur air, mar ná raibh ceannaidheacht úr air insan am úd. A h‑ocht míle maircréal do bhí insa chlais, mar do bhí an t‑iasc garbh.
Tnáithte go maith do bhíomair tar éis iascaigh an lae, agus do chodlamair an oidhche go maith, ná bíodh eagla ort.
Go moch ar maidin do buaileadh buille ar an ndoras. Bhí iongnadh ar mo mháthair, mar is í oscail é. Cé bhéadh ann ná mac na caillighe, agus é ag soláthar daoine chun an tsagairt do thabhairt chun a mháthar do bhí an-olc ó mheadhon oidhche aréir. Do ghlaoidh mo mháthair orm féin agus me im’ throm-shuan san am san. Do phreabas im’ shuidhe. Ní raibh