pharóiste go dtí lár n‑a mháireach, agus timcheall meán lae do shroicheadar an baile. Do b’é seo an chríoch dheireannach ar an mnaoi léith bhéal-dorais, agus geallaim-se dhuit, marar ráinig liom-sa do bheith saidhbhir féin le linn imeacht di, nárbh’ ise ba chionntach leis, ná raibh faic agam le cur ’n‑a leith.
Seadh, do bhí an méid sin déanta, ach ní chothuigheann an marbh an beo; agus do bhí gach nduine againn ag beartú ar an ngnó ba mheasa gan déanamh. Ó’n uair gurbh’ é am na móna do bhí ann, is fé’n gcnoc do bhí gach nduine ag tabhairt, agus an fear mar bhíodh ullamh is ann a thugadh sé aghaidh. Do bhí mo ramhan féin insa phortach i gcómhnuidhe, agus gur chuma liom dá mbéadh an mhóin bainte agam sara mbéadh an triomach tagaithe. Níor stadas de’n ráib sin nó gur rugas ar fheach na raimhne im’ dhóid.
Bhíos ag déanamh go h‑áluinn ar feadh formhór an lae, agus saothar maith déanta agam, san am gur ghluais chugham fé bhrághaid ba do thiomáint abhaile gach a raibh de mhná óga insan oileán. Do b’eo chugham na mná óga úd, duine aca ag stathadh mo chluaise, duine eile aca ag baint na raimhne as mo láimh, beirt eile ag faire orm chun me chur ar shlait mo dhroma ’on phortach, chun go mbeadh seódh aca orm. An cleas ná béadh machtnaithe age duine aca do bhíodh sé go luath age duine eile.
Is maith do bhí fhios agam go raibh mo chuid móna bainte insa lá san an t‑am go bhfeaca mapa an chéad chinn aca ag teacht im’ sholus. Mar an méid d’óg-mhná do bhí ann an uair sin, ba gheall le pat-fhiain do bhíodar; agus, cé go rabhas bog-chortha go maith rómpa, go fíor is iad so do chuir críochnú ar mo bhrácadh. Níorbh’ iongnadh san: seisear d’óg-mhná do bhí i mbéal a dtugtha amach, lán de theasbach, pé sórt bídh nó díghe do bhí aca. Is fuiriste fuineadh i dteannta na mine, agus dob’ in ionbhadh aca so é; pantalóga tútach’ láidir’ do bhí comh folláin leis an mbreac sa mhuir, gur chuma dhóibh cad do bheadh ar an mbórd aca, agus ba chuma leo é.