XII
Lá na róinte
Clochán na móna, an gadhar i bpoll, poll na rón, beirt ar théid, fear gan snámh, ocht róinte marbh, an tarrac sa pholl, m’úncail d’á bhádhadh.
Do bhí an mhóin bainte agam anois agus me scoth-shásta ach go raibh a lán fós le déanamh léi an uair a bheadh sí tirm; agus do bhí tosach an tiormaigh ’á teasbáint féin cheana. Sé rud a chuireas ar bun annsan ná dul lá eile agus clochán breagh d’fheistiú chun ná beadh agam ach an mhóin a chaitheamh isteach ann nuair a bheadh sí tirm, mar ba mhoill lá eile é.
Do bhí an lá bheartuigheas chuige scuabach garbh tirm agus é oiriúnach go maith chun an ghnótha a chuireas romham agus b’eo liom an cnoc amach. Nuair a shroicheas chun cinn do chaitheas díom anuas go dtí an léine mar do bhí fothain mhaith insa lonntán go raibh an gnó agam le déanamh.
Do chuas ceangailte isteach i múchán nár bogadh le dachad nó trí fichid bliain roimis sin agus chromas ar bheith ’á réidhteach; agus ag ceapadh an chlocháin nua an uair a bhí tréimhse mhaith ar saothar agam ann. Do bhí coileán madra i n‑éineacht liom agus níor bhraitheas faic nó go raibh sé gabhtha idir mo dhá chois agus é rithte siar fé chab lice go raibh cabha mór amach uirthi agus í folamh fúithe siar. Do chuaidh mo choileán comh fada siar fé’n lic ná raibh blúire agam le feiscint de.