Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/140

From Wikisource
This page has been proofread.

Do bhí tosach mí na Nodlag annsan ann, gach seilg stopaithe agus is leasú talmhan do chrom na h-oileánaigh ar a dhéanamh. Moch, déanach do bhímís agus racaí againn ag gabháil di; agus dob’ ’in é an t-oireachtas do bhíodh againn gach bliain go Lá ’le Brighde.

Insan am san ba ghnáthach leis na h-oileánaigh dul go luath ’on bhaile mór timcheall na Saoire. Do bhí clais mhaith feamnaighe curtha ar barra insa tráigh agam, agus scóp orm chun bheith ’á tarrac le h-asal maith do bhí agam mar do bhí an lá garbh tirm. Súil dár thugas do chonnac slataire garsúin ag teacht fém’ dhéin. Thuigeas go tapaidh gur gnó éigin do bhí aige díom.

“Cad a thug timcheall thu, a gharsúin?” arsa mise.

“Do mháthair do chuir me ag triall ort féachaint a’ raghfá ’on Daingean,” ar seisean, “mar tá muinntir an bhaile go léir ag dul ann.”

Do ghabhas buidheachas leis agus dubhart leis go raghainn, agus do b’eo ’á bhaint as na cosa abhaile aríst é, “agus abair lem’ mháthair mo chuid éadaigh a bheith socair aici romham, agus beidh milseáin agam-sa chughat.”

Do bhogas an bóthar annsan ’n-a dhiaidh gan mhór-sceinnid mar do bhí an chómhair agus an chonntráil ag teacht treasna orm, do bhí mo chuid leasaithe gan tarrac ar an ngort ach ó bhí a raibh insan oileán ag dul ag soláthar chun na Saoire dubhart liom féin gur ’n-a dtreo dob’ fhusa dhom mo thurus a thabhairt agus go mbeinn ag dul im’ aonar ann ar ball.

Ar shroichstint an tighe dhom tháinig scóp an domhain orm mar do chonnac an t-asal gabhtha ag an bhfear aosta. “Ca’il an fheamnach thiar?” ar seisean.

“An chlais mhór,” arsa mise leis.

An uair a fuaireas réidh me féin do bhuaileas amach agus bhí a raibh d’fhearaibh san oileán ar bharra an chalaith, a mbalcaisí nua ortha ar fad, cúpla caora age fear, cúpla cliabh éisc age fear, paca olla age duine eile agus gach