naomhóg an Gob andeas, ceathrar fear innti, agus do bhuaileadar suas ar chalath an Oileáin í agus chromadar ar bheith ag lorg lóistín. Do bhí beagán bidh agus annlain aca i mála bán. Fuaireadar tigh lóistín. Ó Dhaingean Uí Chúise dob eadh iad agus aithne mhaith ortha, dar ndóigh.
Is i dtigh Phaid Shéamais do stadadar agus do bhí a gcuid bídh féin aca agus gan le tabhairt aca ach seachtain gach turus mar do bhíodh ortha dul abhaile leis an seilg. Potaí chun beirthe ar ghleamaigh na neithe úd a chonnac-sa ’á chaitheamh ’on fhairrge. Do bhí muinntir an Bhlascaeid san am san comh dall ar an saghas san fearais iascaigh le cléirigh bainnc. Níor ró fhada de’n mbliain go raibh cheithre naomhóga ó’n nDaingean ag iascach ghliomach sa Bhlascaod ar an sórt so slí.
Thug muinntir an Daingin luach na gcéadta púnt de ghleamaigh ó chósta an Oileáin tiar sara raibh aon chur amach againn féin ar aon scilling a bhaint asta. Do bhíodh púnt an dosaon ortha agus, rud eile dob’ fhearr ná san, níor dheacair an dosaon d’fhagháil.
Sa am gur chuaidh na daoine amach ortha do chuir an bheirt seo go raibh an naomhóg ceannaithe aca potaí innti. Thógadar isteach slataire eile. Thugadar san bliain ag iascach gan aon cheann eile ó’n áit seo ach í, agus dheineadar púint. Sa mbliain a bhí chughainn dob’ eo le gach criú le chéile ag soláthar naomhóg agus níorbh fhuirist iad d’fhagháil mar ná raibh ’á ndéanamh ach beagán. Do bhí ó n-a hocht go deich de phúntaibh ar gach ceann nua aca.
Dob’ eo liom féin ag soláthar comh maith le duine eile agus Paid Shéamais i n-éineacht liom. Thugamair fear maith eile linn. Do bhuail an naomhóg liom-sa go sonaoideach, déanta nua, age fear muinnteardha dhom agus thugamair linn í ar hocht púint. B’éigean dúinn imeacht arís ag soláthar slat chun na bpotaí a dhéanamh agus do lean fuirse maith sinn an t-am go rabhadar ag iascach againn. Do bhreacamair an saosúr leo agus an aimsir bhreagh, agus do bhí deich bpúint