Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/188

From Wikisource
This page has been proofread.

“A’ bhfuil aon imníomh oraibh ach mar sin? Cathain a bheidh dhá stúmpa báid ar chalath an Oileáin agaibh?”

Fear an toirmisc do fhreagair é gan amhras agus dubhairt: “Lá d’ár saoghal iseadh é agus ár lá deireannach insa Chathair seo b’fhéidir,” ar seisean.

Do bhí an fhírinne aige mar nár chuaidh aenne d’á raibh ann an lá san ’on Chathair riamh ó shin.

Nuair a thánamair go Dairbhre is amhlaidh a bhí an sagart ag feitheamh linn-ne i n-ionad sinn-ne bheith ag feitheamh leis an sagart. Do bheannuigheamair d’á chéile agus cheistigh sé i dtaobh an bháid sinn agus annsan thug dúinn í le breith abhaile.

Ní bheimís sásta gluaiseacht annsan gan tigh na dighe bhaint amach go n-ólfaimís deoch an dorais, ach b’shiúd é an deoch fada leadránach. Fear na gcros fé ndeara ar dtúis é ach thairrig fear eile deoch ’n-a dhiaidh, agus fear eile agus fear eile, agus sé a fhaid ar a ghiorracht é gur fhanamair ann go h-oidhche.

Do bhí Bágh an Daingin orainn a chur dínn agus sinn ró lag do’n dá bhád mhóra fé bhun córach do bheith againn agus ní raibh sí sin ann. Fear a bhí ábalta ar a ghnó a dhéanamh agus beirt ná raibh. Fé dheire do thoiligheamair fuireach go maidean agus tosach an lae a bheith againn, pé scéal é. Thug fear an tighe slí dhúinn agus ba mhaith linn sinn. Do bhí Saoire le bheith lár-na-mháireach ann. Timcheall a deich a chlog do bheadh an t-Aifreann ann agus do bheadh lá fada againn as san amach.

Ar maidin an uair do chaitheamair biadh do bhuaileamair siar fé’n oileán mar is i lár Oileáin Dairbhre atá an séipéal. Do bhíomair ann roim am agus sinn ag breithniú ar gach ní mar thárlaidh dúinn. Talamh mór age cuid de sna daoine ann—sa chuid is fearr de’n Oileán, dar ndóigh. Stróinséirí dob’ eadh iad san; cuid eile aca ar bheagán, agus é sin sa droch-áit.

Do shroicheamair an séipéal ar an gcuma so agus sinn ag ceistiú buachaill ó’n gCé do bhí i n-éineacht linn. Seana-